Áis Mhatamaitice Dhigiteach NUA d’Earnáil na Gaelscolaíochta seolta ag COGG agus CCEA i gcomhar le chéile
Forbraíodh áis mhatamaitice dhigiteach shaincheaptha nua do dhaltaí i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta ar fud na hÉireann.
Sheol An Chomhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA), i gcomhpháirt leis An Chomhairle Um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) an áis, dar teideal Mol Mata, go hoifigiúil inniu (Dé Máirt 30 Samhain 2021) agus tá sí réidh le húsáid do mhúinteoirí agus do dhaltaí.
Is áis í Mol Mata a bhfuil sé mar aidhm aici scileanna fadhbréitigh agus fiosrúcháin sa mhatamaitic a fhorbairt. Úsáidtear ceachtanna ar líne, cluichí agus gníomhaíochtaí a spreagann cruthaitheacht agus samhlaíocht na ndaltaí leis an sprioc sin a bhaint amach.
Dúirt príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin:
Cuireann COGG fáilte mhór roimh sheoladh Mhol Mata, áis idirghníomhach a forbraíodh i gcomhpháirt le CCEA, le tacaíocht ón tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí. Is áis ar leith í Mol Mata a éascaíonn foghlaim scileanna fadhbréitigh agus fiosrúcháin daltaí i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta. Tacaíonn sé leo ag an am chéanna ardscileanna smaointeoireachta agus teanga na matamaitice a fhorbairt.
Tá COGG ag dúil go mór le bheith ag obair le CCEA arís le háiseanna foghlama eile d’Earnáil na Gaelscolaíochta a fhorbairt san am atá romhainn.
Dúirt Margaret Farragher Príomhfheidhmeannach eatramhach CCEA:
Tá CCEA thar a bheith sásta le páirt a ghlacadh sa tionscnamh trasteorann seo i gcomhar le COGG. I Mol Mata, tá cur chuige ann a ligeann do dhaltaí tuiscint níos doimhne a fhorbairt ar choincheapa matamaitice agus cur lena scileanna ríthábhachtacha fadhbréitigh agus fiosrúcháin atá riachtanach sa dá churaclam. Is tús maith iad na gníomhaíochtaí samhlaíocha agus nuálacha san áis a éascóidh díospóireacht fhiúntach agus sealbhú teanga.
An áis seo, a chuimsíonn an t-eolas, na scileanna agus an taithí de mhúinteoirí agus gairmithe oideachasúla ar dhá thaobh an teorainn, léiríonn sí, chomh maith, an cumas atá in CCEA aiseanna nuálacha saincheaptha a chruthú.
Tá Mol Mata beo anois agus réidh le húsáid do mhúinteoirí agus do dhaltaí.
Media enquiries to CCEA MarComms. You can contact us by email at [email protected] or call 028 9026 1200.