Marcáil agus modhnóireacht
Faoi láthair tá CCEA i mbun múinteoirí agus léachtóirí cáilithe a earcú, a bhfuil 1 bhliain iomlán ar a laghad de thaithí teagaisc acu agus bhfuil Gaeilge líofa acu. Beidh siad de dhíth le marcáil agus le modhnóireacht a dhéanamh ar scrúduithe ag leibhéil GCSE agus GCE.
Cad chuige a mbeifeá i do scrúdaitheoir le CCEA?
Ar na buntáistí a bheadh ann duit, tá:
- Íocaíocht; £700 – £900 go neasach
- Líonrú le daoine gairmiúla eile
- Oiliúint agus tacaíocht iomlán
- Forbairt ghairmiúil i do réimse ábhair
Cuirfear fáilte mhór roimh iarratais ó mhúinteoirí gach ábhair, go háirithe iad siúd a bhfuil speisialtóireachtaí acu sna réimsí seo a leanas:
- Na hEolaíochtaí
- Teicneolaíocht Dhigiteach
- Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide
- Tíreolaíocht
- Stair
- Sláinte agus Cúram Sóisialta
- Foghlaim don tSaol agus don Obair
- Ealaíona Íomhá Ghluaiste
Tá sé furasta iarratas a chur isteach:
ar líne ag www.ccea.org.uk
le ríomhphost chuig [email protected]
nó scairt ar (028) 9026 1243, nó 028) 9026 1294.
Aithnítear CCEA go hidirnáisiúnta mar eagraíocht ardchaighdeáin atá tiomanta don chomhionannais i ngach gné den fhostaíocht.
Media enquiries to CCEA MarComms. You can contact us by email at [email protected] or call 028 9026 1200.