Socruithe Eatramhacha don Mheasúnú Deireadh Eochairchéime 2024/25
Ar an leathanach seo gheobhaidh tú na háiseanna atá ar fáil ag CCEA le tacú leis na Socruithe Eatramhacha don Mheasúnú Deireadh Eochairchéime 2024-25, de réir mar atá leagtha amach sa litir ón Roinn Oideachais chuig príomhoidí 16 Deireadh Fómhair 2024.
Níor athraigh na Leibhéil de Dhul Chun Cinn ó tugadh isteach iad in 2012. Ba chóir do scoileanna sa bhliain acadúil 2024/25, leibhéil dhaltaí Bhliain 4, Bhliain 7 agus Bhliain 10, a uaslódáil tríd C2k fán 30 Bealtaine 2025, maidir le:
- Cumarsáid sa mhodh Léitheoireacht ag Eochairchéimeanna 1, 2 agus 3; agus
- Úsáid na Matamaitice in Uimhreas ag Eochairchéimeanna 1, agus 2, agus in Uimhreas agus Ailgéabar ag Eochairchéim 3 amháin.
Treoir maidir leis na Socruithe Measúnaithe
Treoir maidir leis na Socruithe Eatramhacha don Mheasúnú Reachtúil 2024/25
Treoir maidir leis na socruithe measúnaithe 2024/25 don Chumarsáid agus d’Úsáid na Mata ag EC 1, 2, agus 3
Leagann an treoir ghairid seo na socruithe measúnuithe amach a bhaineann le hEochairchéimeanna 1, 2, agus 3.
Tá eolas ann ar mheasúnú múinteora, tascanna roghnacha CCEA, breithiúnais a dhéanamh faoi leibhéil, agus torthaí a sheoladh isteach.
Tá rannáin ann chomh maith a bhaineann le daltaí a bhfuil sainriachtanais oideachais acu agus faoi dhíolúintí ó na socruithe reachtúla.
Tacaíocht don Chumarsáid (Léitheoireacht)
Na Leibhéil de Dhul Chun Cinn sa Chumarsáid
Contanam scileanna d’EC 1, 2 agus 3, leagtha amach i ráitis a léiríonn an méid a ‘thig le daltaí’ a dhéanamh sa litearthacht
Le cinneadh a dhéanamh maidir leis an leibhéal ag a bhfuil do chuid daltaí sa Chumarsáid (Léitheoireacht) beidh na rudaí seo a leanas de dhíth:
Bunscolaíocht
- Na Leibhéil de Dhul Chun Cinn sa Chumarsáid ag Eochairchéimeanna 1 agus 2
- Leibhéil de Dhul Chun Cinn: Ráitis Shínte – Léitheoireacht (Bunscolaíocht – Treoir Neamhreachtúil)
Iarbhunscolaíocht
- Na Leibhéil de Dhul Chun Cinn sa Chumarsáid ag Eochairchéim 3
- Leibhéil de Dhul Chun Cinn: Ráitis Shínte – Léitheoireacht (Eochairchéim 3 – Treoir Neamhreachtúil)
Tacaíocht d’Úsáid na Matamaitice (Uimhreas/Uimhreas agus Ailgéabar)
Na Leibhéil de Dhul Chun Cinn in Úsáid na Matamaitice
Contanam scileanna d’EC 1, 2 agus 3, leagtha amach i ráitis a léiríonn an méid a ‘thig le daltaí’ a dhéanamh san uimhearthacht
Le cinneadh a dhéanamh maidir leis an leibhéal ag a bhfuil do chuid daltaí in d’Úsáid na Matamaitice (Uimhreas/Uimhreas agus Ailgéabar beidh na rudaí seo a leanas de dhíth:
Bunscolaíocht (Ag díriú ar Uimhreas)
- Na Leibhéil de Dhul Chun Cinn in Úsáid na Matamaitice ag Eochairchéimeanna 1 agus 2
- Leibhéil de Dhul Chun Cinn: Ráitis Shínte – Úsáid na Matamaitice (Bunscolaíocht – Treoir Neamhreachtúil)
Iarbhunscolaíocht (Ag díriú ar Uimhreas agus Ailgéabar)
Tascanna Measúnaithe CCEA (Roghnach)
Díolaim Tascanna agus Eiseamláirithe
Tascanna CCEA agus eiseamláiriú daltaí sa Chumarsáid, Úsáid Mata, agus Úsáid TFC ag EC1, 2 agus 3
Tá tascanna sa Díolaim Tascanna agus Eiseamláirithe ag leibhéil éagsúla ag gach Eochairchéim agus do gach Scil Traschuraclaim.
B’fhéidir gur mhaith leat tasc nó dhó a úsáid le cuidiú leat daltaí a leibhéalú. Tá siad seo roghnach. Ba chóir go raibh breithiúnais maidir leis an leibhéal ag a bhfuil daltaí bunaithe ar chumas s’acu trasna réimse oibre.
Treoracha do Thuismitheoirí
Treoir do Thuismitheoirí maidir leis an Mheasúnú
Treoracha maidir leis an dóigh a ndéanann múinteoirí measúnú ar fhoghlaim daltaí ar scoil agus a gcuireann siad eolas ar fáil do thuismitheoirí
Léiríonn na Treoracha seo do Thuismitheoirí na Socruithe maidir leis an Mheasúnú Deireadh Eochairchéime don bhliain acadúil 2024/25.
Féach Treoir do Thuismitheoirí maidir le Measúnú Reachtúil Eochairchéim 1 agus 2 2024/25 agus Treoir do Thuismitheoirí maidir le Measúnú Reachtúil Eochairchéim 3 2024/25.
Má bhíonn ceist ar bith agat seol ríomhphost chuig [email protected].