Scéalta faoin Eolaíocht (RSO)
On this page
Is dóigh shuimiúil scéalta a léamh le smaointe faoin eolaíocht a spreagadh. Forbraíodh na scéalta seo d’fhoghlaimeoirí Eochairchéim 3 a bhfuil deacrachtaí cognaíocha acu. Tá leagan ficsin agus leagan fíriciúil i ngach topaic. Ciallaíonn sé seo go bhfuil deiseanna ann don athrá agus go riartar ar stíleanna éagsúla foghlama.
Chun tacú leis na scéalta, tá tacair ghníomhaíochtaí ann le smaointeoireacht agus le scileanna a fhorbairt taobh istigh de gach topaic. Tá póstaer ann don chlár bhán ag dul le gach topaic fosta le scileanna in éisteacht, tuiscint agus labhairt a spreagadh agus stór focal eolaíochta cuí a fhorbairt.
Tá CCEA dírithe ar thacú le múinteoirí agus le foghlaimeoirí príomhscileanna a fhorbairt. Le tacaíocht a fháil nó le smaointe agus moltaí a roinnt, déan teagmháil le Treasa Hawksford ag [email protected].