
Na Leibhéil de Dhul Chun Cinn in Úsáid TFC
On this page
Tá na Leibhéil de Dhul Chun Cinn leagtha amach i ráitis a léiríonn an méid a ‘thig le daltaí’ a dhéanamh. Leagtar amach iontu na caighdeáin a bhfuiltear ag súil leo i dtaca le cumas daltaí in Úsáid TFC. Is féidir go mbeidh siad ina gcuidiú ag múinteoirí breithiúnais a dhéanamh ar na leibhéil ag a bhfuil daltaí ag obair agus is treoir dul chun cinn iad don scil seo.
Tá ráitis dul chun cinn ann do gach ceann de na 5 Riachtanas. Is ionann na 5 Riachtanas agus riachtanais an churaclaim maidir le hÚsáid TFC.
Is iad seo a leanas na leibhéil ionchais faoi dheireadh gach eochairchéime:
- Eochairchéim 1: Leibhéal 2;
- Eochairchéim 2: Leibhéal 4; agus
- Eochairchéim 3: Leibhéal 5.
Leibhéil de Dhul Chun Cinn: Ráitis Shínte
Tá Leibhéil de Dhul Chun Cinn in Úsáid TFC: Ráitis Shínte forbartha againn le cuidiú le múinteoirí tuiscint níos fearr a fháil ar na ráitis dul chun cinn. Tá samplaí sa treoir seo a léiríonn cad é a d’fhéadfadh a bheith i gceist le gach ráiteas leathan dul chun cinn.
Ní samplaí uileghabhálacha iad agus ní léirítear gníomhaíochtaí iomlána iontu. Mar sin féin, taispeánann siad dóigheanna a mbíonn daltaí ag obair ag gach leibhéal in Úsáid TFC.