Mol Mata
Ceachtanna Tairseach Íseal Buaicphointe Ard
Sa chuid seo den tsuíomh tá rochtain ar bhanc Gníomhaíochtaí Tairseach Íseal Buaicphointe Ard (TÍBA). Dearadh iad chun tacú le daltaí scileanna fadhbréitigh agus fiosrúcháin a fhorbairt chomh maith le forbairt teanga sa mhatamaitic.
Tá na gníomhaíochtaí roinnte ina gceithre chatagóir (féach thíos) agus déantar difreáil le torthaí difriúla ag an choirnéal íochtar ar chlé:
- Anann – le húsáid sna luathbhlianta
- Silíní – le húsáid sna blianta láir
- Fíonchaora – le húsáid sna blianta láir / uachtair
- Mealbhacán Uisce – le húsáid sna bhlianta uachtair
Is féidir scagadh a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí de réir ghné den mhata, uirlis chuí ar líne, nasc traschuraclaim nó eochairfhocal.