Leibhéil Idirghníomhacha de Dhul Chun Cinn
Le teacht...
Tá áis idirghníomhach nua á fhorbairt againn do na Leibhéil de Dhul Chun Chinn sa Chumarsáid i nGaeilge, a chuimsíonn na hEochairchéimeanna uilig: An Bhonnchéim, Eochairchéimeanna 1, 2 agus 3 agus Sainriachtanais. Tabharfaidh sé na Leibhéil de Dhul Chun Cinn agus na Ráitis Shínte le chéile i gcóras ina bhfuil nascleanúint. Beidh an áis ann le tacú leis an dul chun cinn. Beidh múinteoirí in ann cinneadh a dhéanamh modh nó riachtanas a roghnú, agus sin déanta acu, bogadh trasna na leibhéil ó na Scileanna Réamhriachtanacha ar aghaidh go Leibhéal 7, nó leibhéil ar leith a roghnú le díriú air.
Chomh maith leis sin beidh múinteoirí in inmhe amharc ar thascanna agus samplaí bainteacha atá nasctha leis an riachtanas a roghnaigh siad.
Sa scoilbhliain 2024/25, ní mór do scoileanna leibhéil a chur isteach don Chumarsáid (Léitheoireacht) agus d’Úsáid na Matamaitice (Uimhreas/Uimhreas agus Ailgéabar) do dhaltaí Bhliain 4, 7 agus 10. Féach an áis Socruithe Eatramhacha don Mheasúnú Deireadh Eochairchéime 2024/25 fá choinne tuilleadh sonraí.
Idir an dá linn seo thíos nasc leis an leagan Béarla: