Gach Spórt do Gach Duine
Cispheil
Eochairchéim 1
Bunleibhéal - An Liathróid a Láimhsiú
Tá sé tábhachtach sa chispheil go mbíonn an t-imreoir muiníneach i mbun an liathróid a láimhsiú. Tá gníomhaíochtaí éagsúla sa rannán seo a chuideoidh le himreoirí na scileanna sin a fhorbairt.
Réamhchleachtadh
Tabhair liathróid an duine do ha himreoirí, agus iarr orthu an liathróid a bhogadh ar bhealaí éagsúla lena lámha. Mar shampla, iarr orthu an liathróid a rolladh agus iad ar na ceithre boinn. Agus na himreoirí i mbun an liathróid a úsáid agus treo na liathróide a athrú, scairt amach an treoir ‘malartaigh liathróidí!’ Beidh ar gach imreoir liathróid a mhalartú le himreoir eile, agus ansin leanfaidh siad ar aghaidh leis an ghníomhaíocht.
Cluiche: Liathróidí Ceoil
Tabhair liathróid do gach imreoir agus iarr orthu spás a aimsiú agus an liathróid in airde os a gcionn ina dhá lámh acu. Mínigh do na himreoirí go gcaithfidh siad fanacht socair, agus an liathróid in airde os a gcionn acu, nuair nach bhfuil an ceol ar siúl. Nuair a chuirtear an ceol ar siúl, caithfidh siad an liathróid a chur ar an talamh agus bogadh thart agus iad ag seachaint na liathróidí agus na n-imreoirí eile. Nuair a stopann an ceol, caithfidh na himreoirí deifriú anonn chuig an liathróid agus í a chur in airde os a gcionn. Bain amach liathróid amháin gach uair a stopann an ceol. Mar sin, cuirfear imreoir amháin amach i ngach babhta.
Meánleibhéal - Caitheamh agus Ceapadh
Gné ríthábhachtach den chispheil is ea bheith in ann liathróid a chaitheamh agus a cheapadh i gceart. Tá gníomhaíochtaí éagsúla sa rannán seo a chuideoidh leis na himreoirí na scileanna sin a fhorbairt.
Réamhchleachtadh
Tabhair liathróid an duine do ha himreoirí agus iarr orthu spás a aimsiú. Iarr ar na himreoirí cleachtadh a dhéanamh ar an liathróid a phreabadh leis an dá lámh agus í a ghabháil arís. Iarr orthu sin a dhéanamh gan bogadh agus ansin é a dhéanamh le leathlámh. Ansin iarr ar na daltaí é a dhéanamh agus iad ag bogadh. Ar an dóigh sin, forbróidh siad na scileanna atá de dhíth leis an liathróid a phasáil agus a ghabháil agus iad ag bogadh.
Cluiche: Pasáil an Liathróid
Cuir na himreoirí ina mbeirteanna nó ina ngrúpaí. Iarr ar na himreoirí an liathróid a phasáil de phreabadh chuig a chéile. Tá sé tábhachtach a mhíniú dóibh go gcaithfidh siad ainm an imreora eile a scairteadh amach sula ndéanfaidh siad an liathróid a phasáil. Déan cinnte de go bhfuil an t-imreoir eile réidh le glacadh leis an phas agus go bhfuil siad ina seasamh agus a lámha sínte amach rompu. Iarr ar na himreoirí líon na bpasanna a chuntas. Bog ar aghaidh ansin chuig an liathróid a phasáil gan an talamh a bhualadh.
Ardleibhéal - Cluiche
Faoin am seo, tá cleachtadh déanta ag na himreoirí ar an liathróid a láimhsiú, agus ar an liathróid a chaitheamh agus a ghabháil fosta. Sa rannán seo, cuirtear síos ar chluiche atá fóirsteanach d’imreoirí ag an leibhéal seo. Tá meascán de rialacha ann a bhaineann le cispheil agus le líonpheil.
Cluiche: Cispheil nó Líonpheil
Bíodh triúr nó ceathrar imreoirí ar a mhéad ar gach foireann. In ionad gnáthlíon cispheile, bain úsáid as líon níos lú ag leibhéal níos ísle. Níl cead ag na himreoirí bogadh nuair atá an liathróid acu. A luaithe a fhaigheann siad an liathróid, caithfidh siad í a phasáil nó í a chaitheamh isteach sa líon. Is é an aidhm atá leis an chluiche seo go bhforbróidh na himreoirí na scileanna atá de dhíth faoi choinne spórt foirne (cumarsáid), agus iad ag cleachtadh na scileanna atá de dhíth leis an liathróid a chaitheamh agus a ghabháil ag an am chéanna.
Eochairchéim 2
Bunleibhéal - Preabadh agus Ceapadh
Tá sé tábhachtach sa chispheil go mbíonn an t-imreoir muiníneach i mbun an liathróid a láimhsiú. Ar na scileanna a bhaineann leis seo tá preabadh, caitheamh agus ceapadh. Díríonn an rannán seo ar na scileanna sin.
Réamhchleachtadh
Tabhair uimhir a haon nó a dó do gach imreoir. Tabhair liathróid chispheile d’imreoirí uimhir a haon. Iarr ar imreoirí uimhir a dó spás a aimsiú (mínigh cad is spás ann, más gá). Iarr ar imreoirí uimhir a dó bogadh thart ar an halla agus iad ag preabadh na liathróide agus ag seachaint na n-imreoirí eile. Ansin scairt amach ‘uimhir a dó’ agus beidh ar imreoirí uimhir a haon an liathróid a phasáil chuig imreoirí uimhir a dó. Is iad imreoirí uimhir a dó a bhogfaidh thart ar an halla anois agus iad ag preabadh na liathróide agus ag seachaint na n-imreoirí eile. Ansin scairt amach ‘uimhir a haon’ agus beidh ar imreoirí uimhir a dó an liathróid a phasáil chuig imreoirí uimhir a haon.
Cluiche: Pasáil
Cuir na himreoirí ina mbeirteanna nó ina ngrúpaí. Iarr ar na himreoirí an liathróid a phasáil de phreabadh chuig a chéile. Tá sé tábhachtach a mhíniú dóibh go gcaithfidh siad ainm an imreora eile a scairteadh amach sula ndéanfaidh siad an liathróid a phasáil. Déan cinnte de go bhfuil an t-imreoir eile réidh le glacadh leis an phas agus go bhfuil siad ina seasamh agus a lámha sínte amach rompu. Iarr ar na himreoirí líon na bpasanna a chuntas. Bog ar aghaidh ansin chuig an liathróid a phasáil gan an talamh a bhualadh.
Meánleibhéal - Scaoileadh
Tá scaoileadh riachtanach sa chispheil. Sin an dóigh a ndéantar pointí a scóráil agus is gné ríthábhachtach den chluiche é. Díríonn an rannán seo ar scaoileadh.
Réamhchleachtadh
Taispeáin do gach imreoir an dóigh cheart le liathróid a chaitheamh. Mínigh cad é atá i gceist leis an chearnóg dhubh ar an chúlchlár. Tabhair bibe a bhfuil dath éagsúil air do gach imreoir. Beidh cóin de dhíth a bhfuil na dathanna céanna orthu agus atá ar na bibí. Beidh liathróid chispheile de dhíth ar gach imreoir chomh maith. Cuir cón a bhfuil dath áirithe air in airde. Ciallaíonn sé sin gurb é seal an duine a bhfuil an dath sin ar an bhibe s’acu an liathróid a scaoileadh isteach sa líon.
Cluiche: Sáraigh an Clog
Déan dhá fhoireann de na himreoirí. Beidh ar gach foireann líne a dhéanamh. Beidh a líon féin ag gach foireann leis an liathróid a scaoileadh isteach ann. Caithfidh na himreoirí sealaíocht a dhéanamh ar an liathróid a scaoileadh isteach sa líon taobh istigh d’am cuí. Nuair a thosóidh an t-am, déanfaidh na himreoirí sa dá fhoireann sealaíocht ar an liathróid a chaitheamh isteach sa líon. Is í an fhoireann a gheobhaidh an líon is mó ciseanna taobh istigh den am a tugadh a bhainfidh.
Ardleibhéal - Cluiche
Faoin am seo, tá cleachtadh déanta ag na himreoirí ar an liathróid a láimhsiú, ar an liathróid a chaitheamh agus a ghabháil agus ar scaoileadh chomh maith. Tá sé in am anois cluiche cispheile a imirt.
Cluiche: Cispheil
Mínigh príomhrialacha na cispheile do na himreoirí; mar shampla, go gcaithfidh siad an liathróid a phreabadh agus iad ag rith, gur cluiche gan teagmháil í. Bíodh triúr nó ceathrar imreoirí ar a mhéad ar gach foireann. Ar an dóigh sin beidh níos mó ama ag na himreoirí ar an liathróid agus níos mó deiseanna acu leis an liathróid. Bíodh am cuí ann don chluiche. Is féidir ionadaithe a úsáid go leanúnach más gá.
Eochairchéim 3
Forbairt Cluiche
Intreoir
B’fhéidir nár mhiste rialacha na cispheile a thabhairt isteach de réir a chéile. B’fhéidir chomh maith gur le leas na n-imreoirí ar fad é dá n-imreofaí cluiche gan líonta ar bith agus gan d’aidhm ag an chluiche ach seilbh a fháil ar an liathróid agus í a phasáil. Seans go spreagfaidh seo na himreoirí leis an liathróid a phasáil nuair a thosóidh an cluiche. Sa deireadh, tabhair isteach rialacha uile na cispheile agus tacaigh leis na himreoirí i gcluiche iomaíoch.
Cuimsiú agus Inrochtaineacht
D’ainneoin gur mhaith linn gach dalta a bheith páirteach sa Chorpoideachas lena gcomhdhaltaí, ní i gcónaí a bhíonn sé seo indéanta maidir le leagan iomlán an spóirt a imirt.
Más amhlaidh go bhfuil míchumas coirp ar dhalta a fhágann nach dtig leo páirt a ghlacadh go sábháilte sa chluiche lena gcomhdhaltaí, ba chóir deis a thabhairt don dalta sin a bheith páirteach i ngníomhaíocht choirp de chineál éigin eile. Mar shampla, thiocfadh leis an mhúinteoir grúpaí a dhéanamh den rang agus ar an dóigh sin bheadh cuid de na daltaí ag cleachtadh na ndruileanna agus an chuid eile ag imirt an chluiche. Thiocfadh leis an ghrúpa ba lú cleachtadh a dhéanamh ar na scileanna atá de dhíth don spórt, nó do leagan den spórt do dhaoine faoi mhíchumas, leis an chuid eile den rang. D'oibreodh na grúpaí beaga seo ar a seal agus bheadh faill ag gach duine an spórt a imirt agus a gcuid scileanna a chleachtadh.
De rogha air sin, b’fhéidir gurbh fhearr le daltaí áirithe tabhairt faoi ghníomhaíocht choirp a bhfuil suim ar leith acu ann, mar shampla, cleachtadh a dhéanamh ar na druileanna a bhaineann le spórt a imríonn siad taobh amuigh den scoil.
Leideanna
- Úsáid limistéar agus líon atá fóirsteanach ó thaobh méide de, ag brath ar chumas an ghrúpa.
- Déan cinnte de go bhfuil an chúirt marcáilte agus mínigh cad chuige a bhfuil na línte éagsúla ann. (Úsáid cóin chothroma/neamhsciorracha mura bhfuil línte marcáilte ar an chúirt.)
- Bíodh triúr nó ceathrar imreoirí i ngach foireann ar dtús. Bíodh riail ann go gcaithfear an liathróid a phasáil chuig gach duine sular féidir scóráil.
- Lig d’imreoirí níos mó ná dhá choiscéim a thabhairt ionas nach gcuirfear isteach ar an chluiche (b’fhéidir trí nó ceithre choiscéim ag an tús fiú).
- Mínigh cad é atá i gceist leis an dronuilleog ar an chlúlchlár (dírítear air seo le go bpreabfaidh an liathróid isteach sa líon).
- I gcás imreoirí atá an-mhaith, níor mhiste 2 v 1 a imirt, nó ligean don imreoir eile níos mó ná preabadh amháin a dhéanamh.
- Úsáid líon atá ag teacht le riachtanais na n-imreoirí ar fad ó thaobh airde de.
- Déan cinnte de go bhfuil an t-am a shocraítear do gach leath fóirsteanach d’aois agus do chumas na n-imreoirí.
Bíodh Gach Duine Páirteach!
Ginearálta
- Aimsigh áit bhfuil dromchla cothrom crua ann.
- Déan cinnte de go bhfuil cóimheas cuí daoine fásta agus imreoirí ann le go mbeidh deis ag gach imreoir páirt a ghlacadh.
- Roinn imreoirí a bhfuil deacrachtaí acu go cothrom idir na foirne.
- Cuir i gcuimhne do na himreoirí nach ionann leibhéal cumais gach duine sa chluiche agus go bhfuil sé tábhachtach gan a bheith ag bualadh in aghaidh a chéile.
- Bíodh níos mó ama ag daoine a úsáideann cathaoir rothaí nó ag daoine a bhfuil lagú orthu nó deacracht acu.
- Déan cinnte de nach ndéanann ach imreoirí cuí taicleáil.
Míchumas Coirp
- Bain úsáid as spás níos lú d’imreoirí a bhfuil deacrachtaí gluaiseachta acu.
- Spreag na himreoirí leis an dá lámh a úsáid má bhíonn sé doiligh acu an liathróid a phreabadh le leathlámh.
- Ísligh an líon más ga.
- Má bhíonn sé doiligh ag na himreoirí an liathróid a láimhsiú bain úsáid as pónaireáin;
- thiocfadh leis na himreoirí pónaireáin a chaitheamh isteach i bhfonsaí in ionad liathróide; agus
- thiocfadh leat na fonsaí a bhogadh níos faide ar shúil ón imreoir de réir a chéile.
- Má bhíonn liathróid agus fonsa ródhoiligh, bain úsáid as pónaireán agus cuir buicéad ag an dá thaobh den halla leis an phónaireán a chaitheamh isteach ann.
- Seans go mbeadh liathróid níos mó de dhíth ar dhaoine a úsáideann cathaoir rothaí.
Lagú Éisteachta nó Bodhar
- Úsáid teanga chomharthaíochta a thuigeann an t-imreoir lena léiriú cad é atá le déanamh.
- Úsáid comhartha amhairc lena léiriú go bhfuil an cluiche tosaithe nó stoptha, m.sh. bratach nó comhartha ‘am amuigh’.
Lagú Radhairc nó Dall
- Úsáid liathróid a bhfuil dathanna geala uirthi agus a sheasann amach ón dromchla imeartha.
- Bíodh na dathanna atá ar na bibí i gcodarsnacht le chéile.
- Déan cinnte de go bhfuil dathanna geala ar an trealamh atá in úsáid le himeall na curite a mharcáil agus go bhfuil siad i gcodarsnacht leis an dromchla féin.
- Spreag na himreoirí leis an liathróid a chur i lámha an duine eile in ionad í a chaitheamh.
- Lig do dhuine fásta an t-imreoir a threorú thart ar an chúirt agus iad ag tabhairt treoracha nó ag cur láimhe ar a ngualainn.
- Tabhair liathróid a dhéanann fuaim d’imreoirí a bhfuil lagú radhairc tromchúiseach orthu.