
Foghlaim Ghníomhach agus Modhanna Gníomhacha Teagaisc d’Eochairchéim 1 & 2
Tá sé mar aidhm ag Curaclam Thuaisceart Éireann daoine óga a chumasú le forbairt mar dhaoine aonair agus le cinntí eolacha freagracha a dhéanamh le bheith ag maireachtáil agus ag obair sa 21ú haois.
I sochaí an lae inniu, caithfidh daoine óga a bheith solúbtha, cruthaitheach agus réamhghníomhach – caithfidh daoine óga a bheith ábalta fadhbanna a réiteach, cinntí a dhéanamh, smaoineamh go criticiúil, smaointe a chur in iúl go héifeachtach agus a bheith ag obair go héifeachtúil mar chuid d’fhoireann agus i ngrúpaí. Ní leor anois é ‘eolas a bheith agat’ le do bhealach a dhéanamh go rathúil tríd an tsaol seo, saol atá ag éirí níos casta, níos sreabhaí agus atá ag athrú go gasta. Lena chinntiú go mbeidh daoine óga ábalta a mhór a dhéanamh den fhoghlaim ar feadh an tsaoil, agus den rath a d’fhéadfadh a bheith i ndán dóibh, glactar leis go forleathan anois go gcaithfidh deiseanna a bheith ag daoine óga ábaltachtaí pearsanta agus scileanna éifeachtacha smaointeoireachta a fhorbairt mar chuid dá n-oideachas cuimsitheach.
Is cuid lárnach de Churaclam Leasaithe Thuaisceart Éireann iad na scileanna seo. Fágfaidh curaclam atá níos solúbtha i dtaca le hábhar agus le ham de, go mbeidh deiseanna ag múinteoirí scileanna agus ábaltachtaí na ndaltaí a fhorbairt i gcomhthráth le heolas agus tuiscint. Táthar ag súil go bhfágfaidh an cur chuige seo go mbeidh páirt ghníomhach ag daltaí ina gcuid foghlama, go mbeidh an fhoghlaim níos ábhartha agus gur eispéireas taitneamhach inspreagtha a bheidh ann. Chomh maith leis seo, beidh deiseanna ag múinteoirí a gcuid scileanna féin mar fhorbróirí cruthaitheacha curaclaim a fhorbairt.
Ní áis chríochnúil é an bailiúchán seo a leanas, ach áis ina gcuirtear comhairle phraiticiúil ar fáil do mhúinteoirí ar réimse leathan modhanna a d’fhéadfadh siad a úsáid sna gníomhaíochtaí laethúla foghlama agus teagaisc. Táthar ag súil go mbeidh sé ina chuidiú ag múinteoirí timpeallacht spreagthach, saibhriúcháin, dhúshlánach, agus fhócasaithe a phleanáil agus a chruthú dá gcuid daltaí agus dóibh féin araon.