Cú-Chulainn-–-Beatha-agus-Eachtraí

Cú Chulainn – Beatha agus Eachtraí

Aonad 1: Cruthaitheacht agus TFC a Fhiosrú

Taispeánann an t-aonad seo an dóigh le ‘Cú Chulainn, an tSraith Bheoite’ a úsáid le cruthaitheacht agus úsáid TFC a chur chun cinn. Tá sé mar aidhm ag an aonad seo an t-eolas, na teicnící agus an cur chuige a chur ar fáil do mhúinteoirí a fhágfaidh go mbeidh daltaí ábalta scéal digiteach, beochán gairid agus fuaimrian ceoil dá gcuid féin a chruthú chun saol na gCeilteach a fhiosrú. Cuirfear daltaí ar an eolas faoi Theanga na Scannánaíochta agus faoi na croíscileanna a bhaineann le scannán a dhéanamh, ar a n-áirítear clár scéil a dhéanamh, líníocht, scéalaíocht dhigiteach, físeán a chur in eagar, beochán agus fuaimrian ceoil a chruthú (réimsí ar féidir gach ceann acu a mheasúnú trí scéim chreidiúnaithe CCEA in 'Úsáid TFC').

Aonad staidéir

San aonad staidéir seo tá:

Pleananna Ceachta mionchruinne ina n-áirítear gach réimse de scileanna digiteacha agus treoirnótaí fairsinge don mhúinteoir a mhíníonn a bhfuil le déanamh leis na leibhéil éagsúla sa scéim chreidiúnaithe TFC a bhaint amach mar atá leagtha amach ag CCEA.

Cur i Láthair ar féidir le múinteoirí a íoslódáil agus a úsáid ar chlár bán idirghníomhach ar féidir le múinteoirí a úsáid ar chlár bán idirghníomhach a chuimsíonn réimsí de TFC agus litearthacht dhigiteach ar a n-áirítear Íomhanna Gluaiste, Beochán agus Ceol Digiteach.

Bileoga Oibre do dhaltaí a chuimsíonn na croíscileanna chun scéal digiteach, scannán gairid, beochán agus fuaimrian ceoil a chruthú.