Ar Aghaidh Leat
Ar Aghaidh Leat
Teagasc agus foghlaim na Gaeilge ag Eochairchéim 4 atá i gceist le Ar Aghaidh Leat.
Tá sé dírithe ar dhaltaí iarbhunoideachais i suíomhanna lán-Ghaeilge. Tógann sé ar an tsraith Snas agus Blas atá ann ag Eochairchéim 3. Cuirfidh sé le tuiscint agus le cur amach na ndaltaí ar an Ghaeilge agus cuirfidh tacaíocht ar fáil chomh maith dóibh siúd atá ag ullmhú fá choinne GCSE Gaeilge.
Tá an dá théacsleabhar chlóite ar fáil ó stóras CCEA agus is anseo ar shuíomh gréasáin CCEA atá na píosaí fuaime agus físe agus an tacaíocht do na múinteoirí a théann leis na téacsleabhair.