Forbhreathnú
On this page
Cuirtear bliain amháin d’oideachas neamh-éigeantach ar fáil do pháistí i suíomh réamhscoile de ghnáth (suas le dhá bhliain go minic in earnáil an Ghaeloideachais). Bíonn páistí ag foghlaim ar a luas féin trí réimse leathan eispéireas foghlama agus gníomhaíochtaí dúshlánacha súgartha i dtimpeallacht spreagthach.
Tá curaclam na réamhscolaíochta bunaithe ar shúgradh agus tá sé neamhreachtúil. Tá sé leagtha amach i sé Réimse Foghlama. Cuireann an luathfhoghlaim agus an luathfhorbairt sa réamhscoil leis an fhoghlaim a bhíonn ar siúl sa bhaile agus/nó i suíomhanna eile.
Mar thoradh ar an tsúgradh, agus ar eispéiris chuí foghlama eile, bíonn páistí ábalta iad féin a fheiceáil mar fhoghlaimeoirí acmhainneacha atá in ann dul i ngleic le héiginnteacht agus a bheith ag foghlaim ó mheancóga.
Tá sé tábhachtach go n-aistríonn páistí go réidh ón réamhscoil isteach sa Bhonnchéim. Ba chóir do mhúinteoirí réamhscoile eolas maidir le heispéiris foghlama na bpáistí a roinnt le múinteoirí na Bonnchéime.
Naisc Úsáideacha
Is áis í seo a scríobh cleachtóirí luathbhlianta in earnáil an Ghaeloideachais le tacú le páistí a bhfuil sainriachtanais oideachais acu.
Tá ábhair tacaíochta don réamhscolaíocht ar fáil ó Altram, an t-eagras tacaíochta do thionscnaimh luathbhlianta lán-Ghaeilge.