Forbhreathnú

Ag Iar-16 is féidir le daoine óga roghnú as an réimse cáilíochtaí a chuirtear ar fáil ag Leibhéal 3 ar an Regulated Qualifications Framework, cáilíochtaí A-leibhéal GCE san áireamh.

Is é sprioc na gcáilíochtaí seo na daoine óga a ullmhú don bhreisoideachas nó don ardoideachas, don traenáil nó don tsaol oibre.

Ag an phointe seo tá 12 bhliain den oideachas reachtúil curtha i gcrích ag foghlaimeoirí; níl tuilleadh staidéir éigeantach. Ach thig leo siúd a roghnaíonn tabhairt faoi na cáilíochtaí a chuireann muid ar fáil – cé acu sa séú bliain ar scoil, i gcoláiste bresoideachais nó in ionad eile – thig leo coinneáil orthu an t-eolas, an tuiscint agus na scileanna atá acu a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i dtaca leis na hábhair is mó suim acu. Sna cáilíochtaí sin tógtar ar spriocanna leathana Churaclam Thuaisceart Éireann agus cuirtear chun tosaigh scileanna don tsaol.

Cuireann muid rogha cáilíochtaí eile neamhghinearálta ag Leibhéal 3 ar nós Teastas Éifeachtachta Pearsanta ar fáil chomh maith le rogha leathan de cháilíochtaí A-leibhéal GCE.