An Curaclam ag Eochairchéimeanna 1&2

Tá sé mar aidhm ag Curaclam Thuaisceart Éireann daoine óga a chumasú le barr a gcumais a bhaint amach agus le cinntí eolacha freagracha a dhéanamh ar feadh a saoil. Ba chóir go gcuideodh na deiseanna foghlama le daoine óga forbairt mar dhaoine aonair, mar rannpháirtithe sa tsochaí agus mar rannpháirtithe sa chóras eacnamaíochta agus sa timpeallacht.

Tá an curaclam reachtúil ag Eochairchéimeanna 1 agus 2 leagtha amach de réir na Réimsí Foghlama agus Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin thíos.