Eochairchéim 4

Aois 14-16 / Cáilíochtaí

Ag Eochairchéim 4 (Blianta 11 agus 12 den iar-bhunscoil), tógtar ar an fhoghlaim a bhíonn ar siúl in Eochairchéim 3. Le riachtanais reachtúla an churaclaim a shásamh, déanann daltaí staidéar ar Réimsí Foghlama éigeantacha agus ar chúrsaí roghnacha a bhfuil cáilíochtaí ginearálta agus/nó feidhmeacha mar thoradh orthu.

Subsection

An Curaclam

Tá sé mar aidhm ag Curaclam Thuaisceart Éireann daoine óga a chumasú le barr a gcumais a bhaint amach agus le cinntí eolacha freagracha a dhéanamh ar feadh a saoil. Ba chóir go gcuideodh na deiseanna foghlama le daoine óga forbairt mar dhaoine aonair, mar rannpháirtithe sa tsochaí agus mar rannpháirtithe sa chóras eacnamaíochta agus sa timpeallacht.

Tá an curaclam reachtúil ag Eochairchéim 4 leagtha amach de réir na Réimsí Foghlama agus Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin thíos.

An Chonair Forbartha