Oideachas Reiligiúnach

Oideachas Reiligiúnach

Tá Oideachas Reiligiúnach ina chuid éigeantach de Churaclam Thuaisceart Éireann. Caithfidh scoileanna rochtain ar chúrsa amháin, ar a laghad, a chur ar fáil a mbeidh cáilíocht in Oideachas Reiligiúnach mar thoradh air.

Tugann Oideachas Reiligiúnach ag Eochairchéim 4 deis bhreise do dhaltaí a dtuiscint phearsanta a fhorbairt agus a bhfeasacht spioradálta agus eiticiúil a fheabhsú.

Sainíonn an Roinn Oideachais agus na ceithre Phríomh-Eaglais Chríostaí i dTuaisceart Éireann an curaclam do Oideachas Reiligiúnach sa Chroíshiollabas.

Ní mór do scoileanna Oideachas Reiligiúnach a chur ar fáil atá ag teacht leis an tsiollabas sin. Ag Eochairchéim 4, tá Foilsiú Dé, an Eaglais Chríostaí agus an Mhoráltacht san áireamh sa tsiollabas. Ag an chéim seo, déanann daltaí staidéar fosta ar an Eaglais Chríostaí ó pheirspictíocht Phrotastúnach agus Chaitliceach Rómhánach araon.

Tugann an siollabas bonn do Oideachas Reiligiúnach a dtig le scoileanna forbairt a dhéanamh air ar dhóigh a mbeidh fóirsteanach do riachtanais na ndaltaí agus d’éiteas na scoile. Tá seo ag teacht le solúbthacht Churaclam Thuaisceart Éireann agus ligeann sé do scoileanna ábhar breise ar an mhoráltacht, mar shampla, a chur san áireamh.

Tá cead ag tuismitheoirí a bpáiste a tharraingt amach as Oideachas Reiligiúnach agus adhradh comhchoiteann ina n-iomláine, nó as codanna díobh.

Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin

Caithfidh deiseanna a bheith ag daltaí in Oideachas Reiligiúnach forbairt a dhéanamh ar na Scileanna Traschuraclaim Cumarsáid, Úsáid na Matamaitice, Úsáid TFC agus na Scileanna Eile. Ba chóir don teagasc an bhaint atá ag an fhoghlaim leis an ghnáthshaol agus leis an obair a chur chun cinn.

Cáilíochtaí

Is é Bord Gobharnóirí na Scoile a dhéanfaidh cinneadh cé acu a bheidh nó nach mbeidh ar dhaltaí na scoile tabhairt faoi cháilíocht in Oideachas Reiligiúnach.

Cuireann muid réimse cáilíochtaí ar fáil a bhfuil an t-eolas, an tuiscint agus na scileanna a fhorbraítear sa Réimse Foghlama seo mar bhonn leo. Ina measc tá:

Déan Teagmháil Linn

Le tuilleadh eolais a fháil ar Oideachas Reiligiúnach, déan teagmháil le: