Foghlaim don tSaol agus don Obair

Foghlaim don tSaol agus don Obair

Tá Foghlaim don tSaol agus don Obair ina Réimse Foghlama éigeantach ag Eochairchéim 4. Caithfidh scoileanna rochtain ar chúrsa amháin, ar a laghad, a chur ar fáil ina mbeidh cáilíocht sa Réimse Foghlama seo mar thoradh air.

Cuidíonn Foghlaim don tSaol agus don Obair le daoine óga na scileanna bunúsacha, eolas, tréithe agus meonta atá riachtanach don tsaol agus don obair a fhorbairt.

Tá an fhoghlaim ó Eochairchéim 3 ina bonn le Foghlaim don tSaol agus don Obair ag Eochairchéim 4, agus tá trí ghné ag baint leis: Infhostaitheacht, Saoránacht Áitiúil agus Dhomhanda agus Forbairt Phearsanta. Níl Eacnamaíocht Bhaile san áireamh le Foghlaim don tSaol agus don Obair ag Eochairchéim 4; mar sin de, ní ábhar éigeantach é. Thig le scoileanna Eacnamaíocht Bhaile a chur ar fáil do dhaltaí mar ábhar roghnach, áfach.

Tá solúbthacht ag scoileanna maidir leis an chiall a bhaineann siad as an Statutory Minimum Content for Learning for Life and Work at Key Stage 4..

Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin

Caithfidh deiseanna a bheith ag daltaí i bhFoghlaim don tSaol agus don Obair forbairt a dhéanamh ar na Scileanna Traschuraclaim Cumarsáid, Úsáid na Matamaitice, Úsáid TFC agus na Scileanna Eile. Ba chóir don teagasc an bhaint atá ag an fhoghlaim leis an ghnáthshaol agus leis an obair a chur chun cinn.

Cáilíochtaí

Is é Bord Gobharnóirí na Scoile a dhéanfaidh cinneadh cé acu a bheidh nó nach mbeidh ar dhaltaí na scoile tabhairt faoi cháilíocht i bhFoghlaim don tSaol agus don Obair.

Tá na riachtanais churaclaim leabaithe inár gcáilíochtaí de réir mar is cuí. Thiocfadh le scoileanna a bheith cinnte de go bhfuil siad ag freastal ar a riachtanais reachtúla curaclaim má shocraíonn siad ar GCSE Entry Level i bhFoghlaim don tSaol agus don Obair a chur ar fáil.

Cuireann muid réimse cáilíochtaí ar fáil a bhfuil an t-eolas, an tuiscint agus na scileanna a fhorbraítear sa Réimse Foghlama seo mar bhonn leo. Ina measc tá:

Déan Teagmháil Linn

Le tuilleadh eolais a fháil ar Foghlaim don tSaol agus don Obair, déan teagmháil le: