Tuairisciú
Tá an tuairisciú tábhachtach maidir le tuismitheoirí agus caomhnóirí a chur ar an eolas faoi oideachas a bpáiste. Ó 2010, ní mór do scoileanna tuairisc bhliantúil a chur ar fáil do thuismitheoirí gach páiste iarbhunscoile.
Achoimre ar an Tuairisciú
Eochairchéim 3 | |||||
---|---|---|---|---|---|
Bliain 8 | Bliain 9 | Bliain 10 | |||
Deis a thabhairt do thuismitheoirí bualadh leis an mhúinteoir le dul chun cinn a bpáiste a phlé. | |||||
Tuairisc bhliantúil a chur ar fáil do thuismitheoirí faoin 30ú Meitheamh. | |||||
An Leibhéal de Dhul Chun Cinn atá bainte amach ag gach dalta sa Chumarsáid Gaeilge agus Béarla, Úsáid na Matamaitice agus Úsáid TFC a thabhairt sa tuairisc bhliantúil. |
Tuairisc Bhliantúil chuig Tuismitheoirí/Caomhnóirí
Caithfidh scoileanna tuairisciú a phleanáil taobh leis an mheasúnú agus ba chóir dóibh próisis agus gnásanna tuairiscithe éifeachtacha soláimhsithe a fhorbairt. Caithfidh siad tuairiscí bliantúla a thabhairt do thuismitheoirí faoin 30ú Meitheamh gach bliain, ach is féidir leo é a dhéanamh níos minice ná sin más mian leo.
Thig le scoileanna socrú ar leagan amach na tuairisce bliantúla, ach tá riachtanais ag baint le hábhar na tuairisce. Féach leathanach 16 den Treoir maidir leis an Mheasúnú le tuilleadh eolais a fháil.
Ceannteidil na Tuairisce
De réir The Education (Pupil Reporting) Regulations (Northern Ireland) 2009, ba chóir do mhúinteoirí gnóthachtálacha oideachasúla agus gnóthachtálacha eile an dalta a thuairisciú faoi cheannteidil atá ag teacht leis an churaclam.
Íoslódálacha
Tá na teimpléid thíos bunaithe ar na riachtanais reachtúla tuairiscuithe ag Eochairchéim 3 a bhaint amach. Léiríonn siad cur chuige éagsúla maidir leis an tuairisciú chomh maith leis na riachtanais reachtúla.
Na Leibhéil de Dhul Chun Cinn a Thuairisciú
Maidir leis na Leibhéil de Dhul Chun Cinn don Chumarsáid, Úsáid na Matamaitice agus Úsáid TFC, is gá do scoileanna tuairisciú do thuismitheoirí agus do CCEA.
Féach leathanach 16-18 den Treoir maidir leis an Mheasúnú le tuilleadh eolais a fháil.
Gaeloideachas
Thig le Gaelscoileanna tuairisciú do thuismitheoirí i nGaeilge nó i mBéarla, nó go dátheangach.
Díolúintí
Má tá dalta díolmhaithe ó chuid ar bith den churaclam ar chúis ar bith, ní mór do mhúinteoirí sin a lua ar an tuairisc bhliantúil.
Deacrachtaí Troma agus Iomadúla Foghlama
Má tá géardheacrachtaí foghlama nó deacrachtaí troma agus iomadúla foghlama ag dalta, thig le scoileanna an tuairisc bhliantúil a leasú agus ceannteidil chuí a chur isteach. Nó thig leo formáid eile a úsáid, má oireann sin.