An Chumarsáid (Béarla) i nGaelscoileanna
On this page
Breithiúnas Suimitheach ar Ghnóthachtáil an Dalta sa Chumarsáid (Béarla)
Ba chóir go mbeadh an leibhéal suimitheach don Chumarsáid i mBéarla bunaithe ar fheidhmíocht an dalta sna trí mhodh:
- Talking and Listening
- Reading
- Writing
B’fhéidir go mbeadh daltaí ag feidhmiú ag leibhéil éagsúla sna modhanna seo. Más amhlaidh atá, is gá go mbeidh siad ag feidhmiú ag an leibhéal a bronnadh orthu nó os cionn an leibhéil sin in dhá mhodh ar a laghad, mar a léirítear sna samplaí thíos:
Talking and Listening | Reading | Writing | Leibhéal Foriomlán Bronnta | |
---|---|---|---|---|
Dalta A | Leibhéal 5 | Leibhéal 6 | Leibhéal 5 | Leibhéal 5 |
Dalta B | Leibhéal 4 | Leibhéal 6 | Leibhéal 7 | Leibhéal 6 |
Modhnóireacht Sheachtrach ar an Chumarsáid
I lár mhí Feabhra, uair amháin gach trí bliana, ní mór do scoileanna samplaí d’obair daltaí a sheoladh chuig CCEA, obair a léiríonn na leibhéil atá an scoil ag iarraidh a bhronnadh ar dhaltaí i mBliain 10 don Chumarsáid i mBéarla. Ba chóir go léireodh an obair a chuireann scoileanna isteach chugainn don mhodhnóireacht sheachtrach an chomhthuiscint sa scoil ar na caighdeáin a aontaíodh trí chaighdeánú inmheánach leanúnach.
An Fhianaise atá de dhíth don Mhodhnóireacht Sheachtrach ar Chumarsáid
Ba chóir do scoileanna sé phíosa d’obair daltaí ag gach leibhéal atá le tuairiscú acu a chur isteach chugainn. Is féidir Tascanna Measúnaithe Samplacha/Faomhaithe ag CCEA a bheith i measc na bpíosaí seo agus is gá go mbeidh na rudaí seo a leanas san áireamh:
- trí shampla Reading ó chomhthéacsanna éagsúla; agus
- trí shampla Writing ó chomhthéacsanna éagsúla.
Mar shampla, má tá sé i gceist ag scoil Leibhéil 4, 5 agus 6 a thuairisciú, ba chóir dóibh 18 sampla oibre ar fad a chur isteach; sé shampla ag gach ceann de na trí leibhéal atá le tuairisciú
Tabhair faoi deara, le do thoil:
- nach gá fianaise de Leibhéal 1 a chur isteach;
- nach gá do scoileanna fianaise ar Talking and Listening a chur isteach mar chuid den mhodhnóireacht; agus
- gur féidir píosaí oibre ó bhliainghrúpa ar bith in Eochairchéim 3 a chur isteach – ní gá gur obair dhaltaí Bhliain 10 amháin a bheadh ann.
Áiseanna Tacaíochta don Mhodhnóireacht
Foirmeacha don Mhodhnóireacht Sheachtrach
Ní mór do scoileanna na foirmeacha thíos a chur isteach leis na píosaí oibre don mhodhnóireacht ar an Chumarsáid:
- dearbhú amháin den Chaighdeánú Inmheánach (EMA1 (IM) do Ghaelscoileanna nó EMA1);
- bileog amháin cumhdaigh (EMA6C (S) do gach leibhéal atá le tuairisciú; agus
- bileog amháin Achoimre (EMA7S (IM) do Ghaelscoileanna nó EMA7S).
Tacaíocht Iarmhodhnóireachta
Ní bhaineann sé seo ach leis na scoileanna sin nár deimhníodh a dtuiscint ar na caighdeain tríd an phróiseas modhnóireachta. De ghnáth, bíonn fáil ag scoileanna ar thacaíocht iarmhodhnóireachta ó mhodhnóirí CCEA i mí an Mheithimh agus i mí Mheán an Fhómhair.
Áiseanna Tacaíochta don Chumarsáid

Leibhéil Idirghníomhacha de Dhul Chun Cinn
Tá áis idirghníomhach nua cruthaithe againn do na Leibhéil de Dhul Chun Chinn sa Chumarsáid, a chuimsíonn na heochairchéimeanna uilig: RSO, Bonnché

Task Support System
This system helps schools to develop teaching resources and create a bank of school-based activities.