Achoimre ar an Mheasúnú Reachtúil
On this page
Tá dualgas reachtúil ar scoileanna na Réimsí Foghlama, na Scileanna Traschuraclaim (Cumarsáid, Úsáid na Matamaitice agus Úsáid TFC) agus na Scileanna Eile (Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta) a mheasúnú agus a thuairisciú.
Taispeántar sa tábla thíos na riachtanais maidir leis an mheasúnú reachtúil in Eochairchéim 3.
Eochairchéim 3 | |||
---|---|---|---|
Bliain 8 | Bliain 9 | Bliain 10 | |
Dul chun cinn daltaí a mheasúnú i ngach Réimse Foghlama. | |||
Dul chun cinn daltaí a mheasúnú sna Scileanna Traschuraclaim (Cumarsáid, Úsáid na Matamaitice agus Úsáid TFC) agus tagairt a dhéanamh do na Leibhéil de Dhul Chun Cinn. | |||
Na torthaí uimhriúla a baineadh amach sna Scileanna Traschuraclaim (Cumarsáid, Úsáid na Matamaitice agus Úsáid TFC) a thuairisciú. | |||
Dul chun cinn daltaí sna Scileanna Eile a mheasúnú (Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta). |
Tá cead ag scoileanna an dóigh a ndéantar measúnú ar na Réimsí Foghlama agus ar na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta a roghnú. Mar chuid den phróiseas seo, ba chóir do mhúinteoirí bheith ag pleanáil le measúnú a dhéanamh trasna an churaclaim, agus réimse de mhodhanna measúnuithe a úsáid, modhanna a fhágann go dtig le daltaí an méid atá ar eolas acu, an méid a thuigeann siad agus an méid a thig leo a dhéanamh a léiriú.
In Eochairchéim 3, caithfidh múinteoirí na Leibhéil de Dhul Chun Cinn a úsáid le measúnú a dhéanamh ar ghnóthachtáil na ndaltaí i ngach ceann de na Scileanna Traschuraclaim. Ba chóir dóibh réimse de mheasúnuithe, bunaithe ar obair na ndaltaí, a úsáid lena mbreithiúnais a thabhairt. I gcás daltaí ag deireadh Eochairchéim 3 (Bliain 10), ba chóir do scoileanna an leibhéal uimhriúil atá bainte amach ag gach dalta i ngach ceann de na Scileanna Traschuraclaim a thuairisciú.
Tá socruithe reachtúla ann don mheasúnú deireadh eochairchéime ar na Scileanna Traschuraclaim, modhnóireacht agus tuairisciú torthaí san áireamh. Féach Na Scileanna Traschuraclaim a Mheasúnú le tuilleadh eolais a fháil.
Ní mór do scoileanna tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi ghnóthachtálacha oideachasúla agus gnóthachtálacha eile a bpáistí. Mar chuid de sin, déanfaidh siad na torthaí ar mheasúnú múinteora a roinnt le tuismitheoirí, mar shampla, ag an chruinniú bhliantúil tuismitheoirí agus sa tuairisc bhliantúil. Féach Measúnú agus Tuairisciú le tuilleadh eolais a fháil.
Áiseanna
Assessment for Learning - A Practical Guide
In 2004, a major Assessment for Learning (AfL) project titled the AfL Action Research Project began in 25 primary schools.
Guidance on Subject Assessment at Key Stage 3
The guidance on subject assessment at Key Stage 3 supports principals, senior leaders/managers and teachers to plan and develop subject assessment
Thinking Skills & Personal Capabilities
Thinking Skills and Personal Capabilities (TS&PC) are a set of approaches to improving learning outcomes.
Naisc Úsáideacha
Cuireann na hinniúlachtaí múinteora atá leagatha amach ag an General Teaching Council for Northern Ireland béim ar an tábhacht a bhaineann le measúnú a úsáid go héifeachtach le bonn eolais a chur faoin fhoghlaim agus faoin teagasc, agus lena bhfeabhsú.
Tá go leor taighde le fáil anseo faoi éifeachtacht cineálacha éagsúla idirghabhála a bhíonn in úsáid.