Úsáid TFC

Úsáid TFC

Tá Úsáid TFC ar cheann de na trí Scil Traschuraclaim atá i gcroílár an churaclaim. Trí scileanna TFC na bpáistí a fhorbairt, spreagtar iad le heolas a láimhseáil agus a chur in iúl, fadhbanna a réiteach, ceisteanna a chur, agus a bheith cruthaitheach le teicneolaíocht dhigiteach.

Sa scoilbhliain 2024/25, ní mór do scoileanna leibhéil a chur isteach don Chumarsáid (Léitheoireacht) agus d’Úsáid na Matamaitice (Uimhreas/Uimhreas agus Ailgéabar) do dhaltaí Bhliain 4, 7 agus 10. Ní gá leibhéil a chur isteach d’Úsáid TFC. Féach an áis Socruithe Eatramhacha don Mheasúnú Deireadh Eochairchéime 2024/25 fá choinne tuilleadh sonraí. Cuirtear an t-eolas a leanas san áireamh faoi réir na socruithe measúnaithe sin.

Tá an bhéim in Úsáid TFC ar na daltaí ag úsáid scileanna digiteacha go cuí, agus iad páirteach i ngníomhaíochtaí lán brí a bhfuil cuspóir leo. Go hidéalach, déanfaidh múinteoirí na scileanna sin a fhorbairt i gcomhthéacsanna ábhartha ón fhíorshaol.

Tá freagracht ar mhúinteoirí eispéiris Úsáid TFC atá fóirsteanach dá n-ábhar a chur ar fáil. Ba cheart dóibh cuidiú le daltaí scileanna a fhorbairt le go mbeidh siad in ann teicneolaíocht dhigiteach a úsáid ar bhealach eolach freagrach.

Thig le múinteoirí caighdeáin inniúlachta daltaí ó thaobh scileanna digiteacha de a thomhas tríd an Scil Traschuraclaim Úsáid TFC.

Thig le múinteoirí na Leibhéil de Dhul Chun Cinn in Úsáid TFC a úsáid mar chreatlach dul chun cinn do gach Réimse Foghlama. Cuideoidh sé seo leis na daltaí a gcuid scileanna digiteacha a fhorbairt trasna an churaclaim agus scileanna eile atá bainteach leis an Réimse Foghlama a fhorbairt fosta.

Trí na scileanna Úsáid TFC a mheasúnú trasna an churaclaim ar bhealach córasach seasmhach, is féidir cuidiú le daltaí a bhfoghlaim a bhainistiú agus cuspóirí foghlama a shainaithint. Chomh maith leis sin, cuidíonn sé leis na daltaí an fhoghlaim a nascadh trasna réimsí éagsúla staidéir. Déanfaidh seo an fhoghlaim neamhspleách atá inmhianaithe ag Eochairchéim 4 agus iar-16 a leabú.

Féach Measúnú agus Tuairisciú ag Eochairchéim 3 le tuilleadh eolais a fháil.

Na 5 Riachtanas

Tá na riachtanais le haghaidh Úsáid TFC sna Leibhéil de Dhul Chun Cinn leagtha amach faoi na teidil Fiosrú; Cur in Iúl, Malartú, Luacháil agus Taispeáint.

Baineann Fiosrú le taighde a dhéanamh ar fhaisnéis, agus úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha le fadhbanna a fhiosrú agus a réiteach. Bogann daltaí ón staid ina gcuirtear áiseanna ar fáil dóibh go dtí an staid ina mbaineann siad úsáid níos neamhspleáiche agus níos géarchúisí as TFC. Baineann an Riachtanas seo leis an chéad chuid den obair a dheanann daltaí de ghnáth.

Tá dhá chuid ann:

  • faisnéis ó fhoinsí sábháilte iontaofa a rochtain, a roghnú, a léirmhíniú agus taighde a dhéanamh uirthi; agus
  • idirghníomhú le huirlisí digiteacha le fiosrú agus le tuartha a dhéanamh agus le fadhbanna a réiteach.

Baineann Cur in Iúl le daltaí a bheith cruthaitheach agus a gcuid smaointe a fhorbairt agus a chur i láthair le téacs, fuaim, ceol agus íomhánna socra agus gluaisteacha. Bogann sé ó úsáid shimplí a bhaint as téacs, fuaim nó pictiúir, go táirge ilmheánach a fhorbairt.

Tá scileanna Cur in Iúl i gceist leis an chuid is mó gníomhaíochtaí Úsáid TFC. Seo nuair a bhíonn daltaí ag baint úsáid as bogearraí le tairge a dhéanamh.

Baineann Malartú le daltaí ag comhoibriú le daoine eile ar líne lena gcuid smaointe a roinnt ar bhealach sábhailte inghlactha ar líne. Cuirtear san áireamh r-phoist a chur agus a fháil, físchomhdhálacha, bheith páirteach i gcúrsaí ar líne nó úsáid a bhaint as uirlisí comhoibritheacha ar líne. Cuireann tascanna ina bhfuil béim ar Malartú le saibhreas eispéireas na ndaltaí maidir le Cur in Iúl agus Fiosrú.

Baineann Luacháil le daltaí ag déanamh machnaimh ar phróiseas agus toradh a gcuid oibre TFC. Déanann siad machnamh ar an bhealach ar chuir siad tasc i gcrích agus ar an bhealach le feabhas agus snas a chur air. Cuidíonn tascanna ina bhfuil béim ar fhadhbréiteach le múinteoirí an riachtanas seo a chlúdach ar bhealach níos iomláine. Bíonn Luacháil i gceist de ghnáth nuair a bhíonn ar dhaltaí a gcuid oibre a bheachtú tríd an phróiseas agus iad ag dul do ghníomhaíocht Úsáid TFC.

Baineann Taispeáint le hobair a bhainistiú agus a thaispeáint go digiteach. Tá réimse gníomhaíochtaí i gceist: ó na daltaí ag cur i gcló nó ag sábháil a gcuid oibre, mar shampla, go comhaid agus fillteáin dhigiteacha a eagrú agus a chothabháil.

De réir mar a chruthaíonn daltaí comhaid ó réimse gníomhaíochtaí lena ríomhphunann a dhéanamh, caithfidh siad a bheith ábalta cineálacha agus méideanna éagsúla comhad a bhainistiú.

Na 5 Riachtanas le hAghaidh Úsáid TFC a chlúdach

Le bunsmaoineamh a thabhairt chun críche, cloíonn daltaí le próiseas ‘pleanáil, déan, athbhreithnigh’. Ag an chéim phleanála, ba chóir do dhaltaí smaoineamh faoin spriocghrúpa agus faoi chuspóir a gcuid oibre agus samplaí den chineál sin oibre i réimse cleachtais cuí a fhiosrú.

Beidh Fiosrú agus Cur in Iúl lárnach sa chuid is mó de na gníomhaíochtaí a mbeidh daltaí páirteach iontu.

Éilíonn Luacháil go gcuireann múinteoirí deiseanna ar fáil do dhaltaí a machnamh a dhéanamh ar:

  • an méid atá déanta acu;
  • an bealach a ndearna siad é; agus
  • an méid a thig leo a dhéanamh lena dtáirge a fheabhsú don spriocghrúpa agus don chuspóir beartaithe.

Ba chóir deiseanna a chur ar fáil dóibh fosta tabhairt faoi Malartú (bheith ag comhoibriú ar líne) agus Taispeáint (a gcuid oibre a thaispeáint go digiteach).

Tá tacaíocht agus treoir le fáil i rannán na nÁiseanna thíos a thig le scoileanna a úsáid le curaclam scileanna digiteacha a chruthú atá fóirsteanach dá ndaltaí agus dá gcás féin.

Na 5 Riachtanas

Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta

Fiosrú

Bainistiú Eolais
Fiosrú, Rochtain, Roghnú, Taifeadadh, Comhtháthú, Cumarsáid a Dhéanamh
Smaointeoireacht, Fadhbréiteach agus Cinnteoireacht
Teacht ar an Chiall, Cur le hEolas, Déileáil le Dúshláin

Cur in Iúl

Bheith Cruthaitheach
Samhlú, Cruthú, Cumadh, Dul sa tSeans ar mhaithe leis an Fhoghlaim

Malartú

Ag Obair le Daoine Eile
Comhoibriú, Bheith Mothálach maidir le Mothúcháin Daoine Eile, Bheith Cothrom agus Freagrach

Luacháil

Féinbhainistiú
Láidreachtaí agus Laigí a Mheas, Cuspóirí agus Spriocanna a Leagan Síos, Tú féin a Bhainistiú agus a Rialú

Taispeáint

Bainistiú Eolais
Rochtain, Roghnú, Cumarsáid a Dhéanamh

R-Shábháilteacht

Tá an ráiteas seo a leanas sna Leibhéil de Dhul Chun Cinn le hAghaidh Úsáid TFC: ‘Ba chóir do dhaltaí, nuair is cuí, eolas agus tuiscint ar r-shábháilteacht a léiriú, iompar inghlactha ar líne san áireamh.’

Ba chóir do scoileanna topaicí ábhartha a úsáid le hoideachas r-shábháilteachta a leabú sa teagasc agus san fhoghlaim sna Réimsí Foghlama. Tabharfaidh sé sin deiseanna do dhaltaí a gcuid eolais agus tuisceana ar r-shábháilteacht a fhorbairt.

Le tuilleadh eolais a fháil ar oideachas r-shábháilteachta féach an t-alt leis an Roinn Oideachais Education in Safe and Effective Practices.

Cuireann ciorclán na Roinne Oideachais Circular 2016/17 ar r-shábháilteacht treoir ar fáil maidir le daltaí a choinneáil sábháilte ar líne, agus tús áite a thabhairt do shábháilteacht ar líne i gcuraclam agus i bpolasaí cumhdaigh na scoile.

Tá eolas agus naisc san áis ScamWise de chuid CCEA atá an-úsáideach maidir leis an topaic seo.

Déan Teagmháil Linn

Le tuilleadh eolais a fháil ar Úsáid TFC, déan teagmháil le: