Stair
On this page
Tugann an Stair, deiseanna do dhaltaí réimse réanna agus topaicí staire a fhiosrú, agus Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin a fhorbairt. Spreagtar daltaí leis na fórsaí agus na tosca a d’imir tionchar ar shaol an lae inniu a aithint.
Déanann daltaí staidéar ar réimse leathan cothrom tréimhsí stairiúla ó chomhthéacsanna na hÉireann, na Breataine, na hEorpa agus domhanda, rud a thugann tuiscint níos saibhre dóibh ar a bhféiniúlacht, a gcultúr agus a sochaí féin.
Ba chóir do mhúinteoirí daltaí a spreagadh le dul i ngleic leis an Stair ar bhealach gníomhach criticiúil. Cuidíonn sé seo leo fianaise a mheas, cuntais chontrártha a luacháil agus cúiseanna agus iarmhairtí an athraithe a thuiscint. Cuireann na scileanna seo ar chumas daltaí a bheith ina mbaill ghníomhacha pháirteacha dár sochaí.
Eochairghnéithe
Is saincheisteanna do shochaí an lae inniu iad na heochairghnéithe atá mar bhonn agus taca ag cuspóirí an churaclaim. Tá tagairt shoiléir do na heochairghnéithe sin sna riachtanais reachtúla don tsnáithe ábhair seo.
Le tuilleadh eolais a fháil, féach Statutory Requirements for History at Key Stage 3 agus Key Stage 3 Non-Statutory Guidance for History.
Áiseanna
Déan Teagmháil Linn
Le tuilleadh eolais a fháil ar an Stair, déan teagmháil le: