Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta
On this page
I ngach cuid den churaclam, cuirtear béim ar Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta a fhorbairt. Cuidíonn na scileanna sin le páistí a bheith ag smaoineamh go criticiúil agus go cruthaitheach. Bíonn siad ina gcuidiú acu fosta scileanna pearsanta agus idirphearsanta, chomh maith le dearcthaí atá riachtanach le feidhmiú go héifeachtach i saol atá ag athrú, a fhorbairt.
Is iad seo a leanas na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta:
- Bainistiú Eolais;
- Smaointeoireacht, Fadhbréiteach agus Cinnteoireacht;
- Bheith Cruthaitheach;
- Ag Obair le Daoine Eile; agus
- Féinbhainistiú.
Maidir leis na Scileanna Smaointeoireachta Bainistiú Eolais, Smaointeoireacht, Fadhbréiteach agus Cinnteoireacht agus Bheith Cruthaitheach, is uirlisí iad a théann níos faide ná eolas a fháil ar ábhar.
Cuidíonn siad le daltaí:
- ciall a lorg;
- smaointe a chur i bhfeidhm;
- anailís a dhéanamh ar phatrúin agus ar ghaoil;
- rud éigin nua a chruthú agus a dhearadh;
- monatóireacht agus luacháil a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanann siad.
Le Scileanna Smaointeoireachta na ndaltaí a fhorbairt, ba chóir do mhúinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh a spreagann na daltaí smaoineamh ar dhóigheanna níos sciliúla agus a bheith páirteach in ardchaighdéan smaointeoireachta.
Maidir leis na hÁbaltachtaí Pearsanta Ag Obair le Daoine Eile agus Féinbhainistiú, bíonn siad mar bhonn faoi rath i ngach gné den tsaol.
Le hÁbaltachtaí Pearsanta na ndaltaí a fhorbairt, ba chóir do mhúinteoirí deiseanna a chruthú:
- smaointe éagsúla a thriail;
- seasamh chun tosaigh;
- bheith ag foghlaim ó mheancóga;
- obair i gcomhpháirt; agus
- bheith níos féinstiúrtha maidir leis an fhoghlaim.
Áiseanna
Déan Teagmháil Linn
Le tuilleadh eolais a fháil ar Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta, déan teagmháil le: