Oideachas Reiligiúnach

Oideachas Reiligiúnach

Is cuid éigeantach de Churaclam Thuaisceart Éireann ag Eochairchéim 3 Oideachas Reiligiúnach. Tugann sé deis do dhaltaí tuiscint phearsanta a fhorbairt agus cur lena bhfeasacht spioradálta agus eiticiúil.

Tá an curaclam do Oideachas Reiligiúnach leagtha amach ag an Roinn Oideachais agus ag na ceithre phríomh-Eaglais Chríostaí i dTuaisceart Éireann sa Chroíshiollabas.

Caithfidh scoileanna Oideachas Reiligiúnach a chur ar fáil de réir an tsiollabais. Ag Eochairchéim 3, tá Foilsiú Dé, an Eaglais Chríostaí, agus Moráltacht agus Reiligiúin Dhomhanda i gceist.

Cuireann an siollabas bonn faoi Oideachas Reiligiúnach agus thig le scoileanna tógáil air le freastal ar riachtanais na ndaltaí agus ar éiteas na scoile. Tá sé seo ag teacht le solúbthacht Churaclam Thuaisceart Éireann agus fágann sé go dtig le scoileanna ábhar breise, mar shampla ar mhoráltacht, a chur san áireamh.

Thig le tuismitheoirí a bpáiste a tharraingt amach as Oideachas Reiligiúnach agus adhradh comhchoiteann ina n-iomláine, nó as codanna díobh.

Eochairghnéithe

Is saincheisteanna do shochaí an lae inniu iad na heochairghnéithe atá mar bhonn agus taca ag cuspóirí an churaclaim. Tá tagairt shoiléir do na heochairghnéithe sin sna riachtanais reachtúla do Oideachas Reiligiúnach.

Le tuilleadh eolais a fháil, féach Religious Education within the Northern Ireland Curriculum agus Key Stage 3 Non-Statutory Guidance for Religious Education.

Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin

Ba chóir deiseanna a bheith ag páistí na Scileanna Traschuraclaim (CumarsáidÚsáid na Matamaitice agus Úsáid TFC) agus na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta a fhorbairt trí Oideachas Reiligiúnach.

Déan Teagmháil Linn

Le tuilleadh eolais a fháil ar Oideachas Reiligiúnach, déan teagmháil le: