Drámaíocht

Sa Drámaíocht, bíonn deiseanna ag daltaí a gcuid scileanna sóisialta agus taibhithe a fhorbairt, mar aon le Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin. Tugtar deiseanna do dhaltaí smaointe agus coincheapa a fhiosrú, a fhorbairt agus a chur in iúl, rud a chuideoidh leo scileanna saoil a fhorbairt agus ciall a bhaint as an tsaol mór.

Spreagann gníomhaíochtaí drámaíochta daltaí le bheith ag plé lena gcuid mothúchán agus lena n-intleacht, agus a gcuid smaointe agus mothúchán á gcur in iúl ó bhéal agus trí ghluaiseacht, i gcomhthéacs samhailteach.

Ag Eochairchéim 3, úsáideann daltaí tableau, fráma reoite, suíochán te, rianú smaointe agus caolsráid choinsiasa mar aon le straitéisí eile. Forbraíonn siad seo a gcuid cruthaitheachta agus cuireann siad lena gcuid foghlama trí thaithí phraiticiúil ghníomhach sa tseomra ranga.

Eochairghnéithe

Is saincheisteanna do shochaí an lae inniu iad na heochairghnéithe atá mar bhonn agus taca ag cuspóirí an churaclaim. Tá tagairt shoiléir do na heochairghnéithe sin sna riachtanais reachtúla don tsnáithe ábhair seo.

Le tuilleadh eolais a fháil, féach Statutory Requirements for Drama at Key Stage 3 agus Key Stage 3 Non-Statutory Guidance for Drama.

Déan Teagmháil Linn

Le tuilleadh eolais a fháil ar an Drámaíocht, déan teagmháil le: