Tuairisciú
Tá an tuairisciú tábhachtach maidir le tuismitheoirí agus caomhnóirí a chur ar an eolas faoi oideachas a bpáiste. Ó 2010, ní mór do scoileanna tuairisc bhliantúil a chur ar fáil do thuismitheoirí gach páiste bunscoile.
Achoimre ar an Tuairisciú
Eochairchéim 1 | Eochairchéim 2 | ||||
---|---|---|---|---|---|
Bliain 3 | Bliain 4 | Bliain 5 | Bliain 6 | Bliain 7 | |
Deis a thabhairt do thuismitheoirí bualadh leis an mhúinteoir le dul chun cinn a bpáiste a phlé. | |||||
Tuairisc bhliantúil a chur ar fáil do thuismitheoirí faoin 30ú Meitheamh. | |||||
An Leibhéal de Dhul Chun Cinn atá bainte amach ag gach dalta sa Chumarsáid Gaeilge agus Béarla, Úsáid na Matamaitice agus Úsáid TFC a thabhairt sa tuairisc bhliantúil. | * |
*Ní gá measúnú ná tuairisciú a dhéanamh ar Chumarsáid an Bhéarla in Eochairchéim 1 i nGaelscoileanna
Tuairisc Bhliantúil chuig Tuismitheoirí/Caomhnóirí
Caithfidh scoileanna tuairisciú a phleanáil taobh leis an mheasúnú agus ba chóir dóibh próisis agus gnásanna tuairiscithe éifeachtacha soláimhsithe a fhorbairt. Caithfidh siad tuairiscí bliantúla a thabhairt do thuismitheoirí faoin 30ú Meitheamh gach bliain, ach is féidir leo é a dhéanamh níos minice ná sin más mian leo.
Thig le scoileanna socrú ar leagan amach na tuairisce bliantúla, ach tá riachtanais ag baint le hábhar na tuairisce.
Ceannteidil na Tuairisce
De réir The Education (Pupil Reporting) Regulations (Northern Ireland) 2009, ba chóir do mhúinteoirí gnóthachtálacha oideachasúla agus gnóthachtálacha eile an dalta a thuairisciú faoi cheannteidil atá ag teacht leis an churaclam.
Íoslódálacha
Na Leibhéil de Dhul Chun Cinn a Thuairisciú
Maidir leis na Leibhéil de Dhul Chun Cinn don Chumarsáid, Úsáid na Matamaitice agus Úsáid TFC, is gá do scoileanna tuairisciú:
- do thuismitheoirí;
- do CCEA; agus
- don iar-bhunscoil chuig a mbeidh an dalta ag aisrtiú ag deireadh Eochairchéim 2.
Féach leathanach 16-18 den Treoir maidir leis an Mheasúnú le tuilleadh eolais a fháil.
Gaeloideachas
Thig le Gaelscoileanna tuairisciú do thuismitheoirí i nGaeilge nó i mBéarla, nó go dátheangach.
Díolúintí
Má tá dalta díolmhaithe ó chuid ar bith den churaclam ar chúis ar bith, ní mór do mhúinteoirí sin a lua ar an tuairisc bhliantúil.
Deacrachtaí Troma agus Iomadúla Foghlama
Má tá géardheacrachtaí foghlama nó deacrachtaí troma agus iomadúla foghlama ag dalta, thig le scoileanna an tuairisc bhliantúil a leasú agus ceannteidil chuí a chur isteach. Nó thig leo formáid eile a úsáid, má oireann sin.
Cruinniú Tuismitheora
Ba chóir do scoileanna cuireadh a thabhairt do thuismitheoirí gach dalta i mbliain 4-7, na daltaí sin a bhful Sainriachtanais Oideachais acu san áireamh, chuig cruinniú tuismitheoirí i dtéarma an fhómhair.
Ag an chruinniú, tugann múinteoirí eolas do thuismitheoirí faoi dhul chun cinn a bpáiste trasna an churaclaim. Bíonn deis ag tuismitheoirí an dóigh ar féidir tacú le foghlaim a bpáiste ar scoil agus sa bhaile a phlé.
Tabhair faoi deara go dtig le scoileanna a shocrú cén t-am den bhliain a mbeidh cruinnithe tuismitheoirí Bhliain 3 ann.