An Chumarsáid (Béarla) i nGaelscoileanna
On this page
Ní gá do Ghaelscoileanna tuairisciú ar Chumarsáid an Bhéarla ach i mBliain 7.
Breithiúnas Suimitheach ar Ghnóthachtáil an Dalta sa Chumarsáid (Béarla)
Ba chóir go mbeadh an leibhéal suimitheach don Chumarsáid i mBéarla bunaithe ar fheidhmíocht an dalta sna trí mhodh:
- Talking and Listening
- Reading
- Writing
B’fhéidir go mbeadh daltaí ag feidhmiú ag leibhéil éagsúla sna modhanna seo. Más amhlaidh atá, is gá go mbeidh siad ag feidhmiú ag an leibhéal a bronnadh orthu nó os cionn an leibhéil sin in dhá mhodh ar a laghad, mar a léirítear sna samplaí thíos:
Talking and Listening | Reading | Writing | Leibhéal Foriomlán Bronnta | |
---|---|---|---|---|
Dalta A | Leibhéal 3 | Leibhéal 4 | Leibhéal 3 | Leibhéal 3 |
Dalta B | Leibhéal 3 | Leibhéal 4 | Leibhéal 5 | Leibhéal 4 |
Modhnóireacht Sheachtrach ar an Chumarsáid
I lár mhí Feabhra, uair amháin gach trí bliana, ní mór do scoileanna samplaí d’obair daltaí a sheoladh chuig CCEA, obair a léiríonn na leibhéil atá an scoil ag iarraidh a bhronnadh ar dhaltaí i mBliain 7 don Chumarsáid i mBéarla. Ba chóir go léireodh an obair a chuireann scoileanna isteach chugainn don mhodhnóireacht sheachtrach an chomhthuiscint sa scoil ar na caighdeáin a aontaíodh trí chaighdeánú inmheánach leanúnach.
An Fhianaise atá de dhíth don Mhodhnóireacht Sheachtrach ar an Chumarsáid
Ba chóir do scoileanna sé phíosa d’obair daltaí ag gach leibhéal atá le tuairiscú acu i mBliain 7 a chur isteach chugainn. Is féidir Tascanna Measúnaithe CCEA a bheith i measc na bpíosaí seo agus is gá go mbeidh na rudaí seo a leanas san áireamh:
- trí shampla Reading ó chomhthéacsanna éagsúla; agus
- trí shampla Writing ó chomhthéacsanna éagsúla.
Mar shampla, má tá sé i gceist ag scoil Leibhéil 2, 3 agus 4 a thuairisciú, ba chóir dóibh 18 sampla oibre ar fad a chur isteach; sé shampla ag gach ceann de na trí leibhéal atá le tuairisciú.
Tabhair faoi deara, le do thoil:
- nach gá fianaise de Leibhéal 1 a chur isteach;
- nach gá do scoileanna fianaise ar Talking and Listening a chur isteach mar chuid den mhodhnóireacht; agus
- gur féidir píosaí oibre ó bhliainghrúpa ar bith sa scoil a chur isteach – ní gá gur obair dhaltaí Bhliain 7 amháin a bheadh ann.
Áiseanna Tacaíochta don Mhodhnóireacht
Foirmeacha don Mhodhnóireacht Sheachtrach
Ní mór do scoileanna na foirmeacha thíos a chur isteach leis na píosaí oibre don mhodhnóireacht ar an Chumarsáid:
- dearbhú amháin den Chaighdeánú Inmheánach (EMA1 nó EMA1 (IM) do Ghaelscoileanna);
- bileog amháin cumhdaigh (EMA6C (P) nó EMA6C (P/IM) do Ghaelscoileanna) do gach leibhéal atá le tuairisciú; agus
- bileog amháin Achoimre (EMA7P nó EMA7P (IM) do Ghaelscoileanna).
Tacaíocht Iarmhodhnóireachta
Ní bhaineann sé seo ach leis na scoileanna sin nár deimhníodh a dtuiscint ar na caighdeain tríd an phróiseas modhnóireachta. De ghnáth, bíonn fáil ag scoileanna ar thacaíocht iarmhodhnóireachta ó mhodhnóirí CCEA i mí an Mheithimh agus i mí Mheán an Fhómhair.
Áiseanna Tacaíochta don Chumarsáid

Leibhéil Idirghníomhacha de Dhul Chun Cinn
Tá áis idirghníomhach nua cruthaithe againn do na Leibhéil de Dhul Chun Chinn sa Chumarsáid, a chuimsíonn na heochairchéimeanna uilig: RSO, Bonnché

Ready Reckoners
The Ready Reckoners help teachers in planning a learning intention and success criteria for lessons as well as levelling pupil work.

Success Criteria Cards for Teachers and Pupils
Success Criteria Cards have been designed to help teachers match reading and writing activities to the appropriate standard, using the Levels of Pr

Planning, Teaching and Assessing Character Studies – Reading Level 2
This ibook is designed for use by primary teachers and promotes Teacher Professional Development in Northern Ireland in the Cross-Curricular Skill

Assessment in Practice
This resource shows you how three primary schools in Northern Ireland implemented the assessment arrangements for the Cross-Curricular Skill of Com

Communication Training Modules
These modules are to be used by Primary Assessment or Literacy Co-ordinators as part of a school's Teacher Professional Learning Programme.