An Chumarsáid (Gaeilge)

I mBliain 4, is ar an Chumarsáid i nGaeilge amháin is gá do Ghaelscoileanna tuairisciú. I mBliain 7, is gá dóibh tuairisciú ar an Chumarsáid i nGaeilge agus i mBéarla.

Breithiúnas Suimitheach ar Ghnóthachtáil an Dalta sa Chumarsáid (Gaeilge)

Ba chóir go mbeadh an leibhéal suimitheach don Chumarsáid bunaithe ar fheidhmíocht an dalta sna trí mhodh:

  • Éisteacht, Tuiscint agus Labhairt
  • Léitheoireacht
  • Scríbhneoireacht

B’fhéidir go mbeadh daltaí ag feidhmiú ag leibhéil éagsúla sna modhanna seo. Más amhlaidh atá, is gá go mbeidh siad ag feidhmiú ag an leibhéal a bronnadh orthu nó os cionn an leibhéil sin in dhá mhodh ar a laghad, mar a léirítear sna samplaí thíos:

  Éisteacht, Tuiscint agus Labhairt Léitheoireacht Scríbhneoireacht Leibhéal Foriomlán Bronnta
Dalta A Leibhéal 3 Leibhéal 4 Leibhéal 3 Leibhéal 3
Dalta B Leibhéal 3 Leibhéal 4 Leibhéal 5 Leibhéal 4

Modhnóireacht Sheachtrach ar an Chumarsáid

I lár mhí Feabhra, uair amháin gach trí bliana, ní mór do scoileanna samplaí d’obair daltaí a sheoladh chuig CCEA, obair a léiríonn na leibhéil atá an scoil ag iarraidh a bhronnadh ar dhaltaí i mBliain 4 agus 7 don Chumarsáid. Ba chóir go léireodh an obair a chuireann scoileanna isteach chugainn don mhodhnóireacht sheachtrach an chomhthuiscint sa scoil ar na caighdeáin a aontaíodh trí chaighdeánú inmheánach leanúnach.

An Fhianaise atá de dhíth don Mhodhnóireacht Sheachtrach ar an Chumarsáid

Ba chóir do scoileanna sé phíosa d’obair daltaí ag gach leibhéal atá le tuairiscú acu i mBliain 4 agus 7 a chur isteach chugainn. Is féidir Tascanna Measúnaithe CCEA bheith i measc na bpíosaí seo agus is gá go mbeidh na rudaí seo a leanas san áireamh:

  • trí shampla Léitheoireachta ó chomhthéacsanna éagsúla; agus
  • trí shampla Scríbhneoireachta ó chomhthéacsanna éagsúla.

Mar shampla, má tá sé i gceist ag scoil Leibhéil 2, 3 agus 4 a thuairisciú, ba chóir dóibh 18 sampla oibre ar fad a chur isteach; sé shampla ag gach ceann de na trí leibhéal atá le tuairisciú.

Tabhair faoi deara, le do thoil:

  • nach gá fianaise de Leibhéal 1 a chur isteach;
  • nach gá do scoileanna fianaise ar Éisteacht, Tuiscint agus Labhairt a chur isteach mar chuid den mhodhnóireacht; agus
  • gur féidir samplaí oibre ó bhliainghrúpa ar bith sa scoil a chur isteach – ní gá gur obair dhaltaí Bhliain 4 agus Bhliain 7 amháin a bheadh ann.

Foirmeacha don Mhodhnóireacht Sheachtrach

Ní mór do scoileanna na foirmeacha thíos a chur isteach leis na píosaí oibre don mhodhnóireacht ar an Chumarsáid:

  • dearbhú amháin de Chaighdeánú Inmheánach (EMA1 (IM) do Ghaelscoileanna, nó EMA1);
  • bileog amháin cumhdaigh (EMA6C (P/IM) do Ghaelscoileanna, nó (EMA6C (P)) do gach leibhéal atá le tuairisciú; agus
  • bileog amháin Achoimre Scoile (EMA7P (IM) do Ghaelscoileanna, nó EMA7P).

Tacaíocht Iarmhodhnóireachta

Ní bhaineann sé seo ach leis na scoileanna sin nár deimhníodh a dtuiscint ar na caighdeain tríd an phróiseas modhnóireachta. De ghnáth, bíonn fáil ag scoileanna ar thacaíocht iarmhodhnóireachta ó mhodhnóirí CCEA i mí an Mheithimh agus i mí Mheán an Fhómhair.

Áiseanna Tacaíochta don Chumarsáid