Úsáid na Matamaitice

Úsáid na Matamaitice

Tá Úsáid na Matamaitice ar cheann de na trí Scil Traschuraclaim atá i gcroílár an churaclaim. Is scil í a bhaineann le coincheapa, próisis agus tuiscint mhatamaiticiúil a chur i bhfeidhm mar is cuí i gcomhthéacsanna éagsúla. Go hidéalach, bainfidh múinteoirí úsáid as cásanna cuí ón fhíorshaol ina mbeidh smaointeoireacht mhatamaiticiúil i gceist.

Sa scoilbhliain 2024/25, ní mór do scoileanna leibhéil a chur isteach don Chumarsáid (Léitheoireacht) agus d’Úsáid na Matamaitice (Uimhreas/Uimhreas agus Ailgéabar) do dhaltaí Bhliain 4, 7 agus 10. Féach an áis Socruithe Eatramhacha don Mheasúnú Deireadh Eochairchéime 2024/25 fá choinne tuilleadh sonraí.

Is dócha gur sa Réimse Foghlama Matamaitic agus Uimhearthacht a dhéanfaidh páistí eolas agus scileanna matamaitice a fhoghlaim agus a dhaingniú. Ba chóir do mhúinteoirí deiseanna a thabhairt dóibh a dtuiscint a aistriú, de réir mar is cuí, chuig comhthéacsanna eile trasna an churaclaim.

Thig le páistí eolas, tuiscint agus scileanna matamaitice a léiriú ar dhóigheanna éagsúla le cumarsáid a dhéanamh, le heolas a bhainistiú, le bheith ag smaoineamh go criticiúil, le fadhbanna a réiteach agus le cinntí a dhéanamh.

Trasna an churaclaim, ag leibhéal atá fóirsteanach dá n-ábaltacht, ba chóir go gcuirfí ar chumas daltaí:

  • na hábhair chuí, an trealamh cuí agus an mhatamaitic chuí a roghnú le húsáid i gcás ar leith;
  • eolas agus coincheapa na matamaitice a úsáid go beacht;
  • obair go córasach agus a gcuid oibre a sheiceáil;
  • matamaitic a úsáid le fadhbanna a réiteach agus le cinntí a dhéanamh;
  • modhanna agus straitéisí a fhorbairt, ar a n-áirítear an mheabhairmhatamaitic;
  • smaointe a fhiosrú, tuartha a dhéanamh agus a thástáil agus smaoineamh go cruthaitheach;
  • faisnéis a aimsiú agus a bhailiú;
  • faisnéis a léamh, a léirmhíniú, a eagrú agus a chur i láthair i bhformáidí matamaitice;
  • tuiscint agus teanga na matamaitice a úsáid le ceisteanna a chur agus a fhreagairt, le labhairt ar smaointe agus iad a phlé agus le modhanna oibre a mhíniú;
  • ábaltacht airgeadais a fhorbairt; agus
  • TFC a úsáid le fadhbanna a réiteach agus/nó lena gcuid oibre a chur i láthair.

Thig le múinteoirí caighdeáin inniúlachta daltaí san uimhearthacht a thomhas tríd an Scil Traschuraclaim Úsáid na Matamaitice. Ag brath ar ábaltacht na ndaltaí, léireoidh siad a n-inniúlacht i ngníomhaíochtaí struchtúrtha agus i ngníomhaíochtaí a bhfuil struchtúr áirithe leo.

Thig le múinteoirí na Leibhéil de Dhul Chun Cinn in Úsáid na Matamaitice a úsáid mar chreatlach dul chun cinn do gach Réimse Foghlama. D’fhéadfadh sin bheith ina chuidiú ag daltaí a gcuid scileanna uimhearthachta a fhorbairt trasna an churaclaim agus na scileanna matamaitice atá ábhartha do Réimsí eile Foghlama a fhoghlaim.

Féach Measúnú agus Tuairisciú ag Eochairchéim 1 agus 2 le tuilleadh eolais a fháil.

Déan Teagmháil Linn

Le tuilleadh eolais a fháil maidir le Úsáid na Matamaitice, déan teagmháil le: