Forbhreathnú
Is ionann an Bhonnchéim agus Bliain 1 agus 2 den bhunscoil. Sa Bhonnchéim, tógann páistí ar na heispéiris foghlama sa bhaile agus/nó sa réamhscoil. Bíonn siad ag foghlaim trí shúgradh dea-phleanáilte a thugann a ndúshlán, a fhorbraíonn a gcuid spéiseanna agus a spreagann fiosracht agus cruthaitheacht.
Sa Bhonnchéim, tá an curaclam reachtúil agus tá sé leagtha amach i sé Réimse Foghlama agus de réir Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin. Tá na scileanna agus na hábaltachtaí seo de dhíth ar pháistí le barr a gcumais a bhaint amach sa scoil agus ina saol. Is cuid éigeantach de churaclam é Oideachas Reiligiúnach fosta. Thig le tuismitheoirí, áfach, a bpáiste a tharraingt amach as Oideachas Reiligiúnach agus as adhradh comhchoiteann ina n-iomláine, nó as codanna díobh.
Bíonn múinteoirí na Bonnchéime ag teagasc na Réimsí Foghlama uilig. Tá solúbthacht áirithe acu maidir leis an teagasc, rud a chiallaíonn go dtig leo:
- freastal ar ábhair spéise na bpáistí;
- naisc a dhéanamh san fhoghlaim; agus
- cuidiú le páistí a thuiscint go dtig leo rud a d'fhoghlaim siad i réimse áirithe a chur i bhfeidhm i gcásanna eile.
Cuidíonn an fhoghlaim tríd an súgradh sa Bhonnchéim le forbairt shóisialta, mhothúchánach agus oideachasúil na bpáistí.
Ba chóir go gcuirfeadh eispéiris na bpáistí sa Bhonnchéim leis an fhoghlaim sa bhaile agus/nó sa réamhscoil, agus ba chóir go ndéanfaí na páistí a ullmhú faoi choinne Eochairchéim 1.