Teanga agus Litearthacht
Is Réimse Foghlama sa churaclam Teanga agus Litearthacht. Dírítear ar scileanna teanga agus litearthachta na bpáistí a fhorbairt. Cuireann na scileanna sin ar a gcumas do pháistí caidreamh éifeachtach a dhéanamh le daoine eile thart orthu, iad féin a chur in iúl go cruthaitheach agus cumarsáid a dhéanamh go muiníneach.
Ba chóir do mhúinteoirí páistí a chumasú le heolas, tuiscint agus scileanna a fhorbairt sna gnéithe seo a leanas:
- Éisteacht, Tuiscint agus Labhairt
- Léitheoireacht
- Scríbhneoireacht
Baineann na modhanna cumarsáide seo le gach Réimse Foghlama. Ba chóir deiseanna a bheith ag páistí a gcuid scileanna teanga agus litearthachta a fhorbairt i ngach eispéireas foghlama.
Tagann páistí ar scoil lena gcuid taithí féin ar theanga a úsáid sa bhaile agus sa phobal áitiúil. Ba chóir do mhúinteoirí úsáid a bhaint as an taithí seo mar thúsphointe d'fhorbairt bhreise.
Le tuilleadh sonraí a fháil, féach Riachtanais Reachtúla maidir le Teanga agus Litearthacht sa Bhonnchéim.
Níl dualgas reachtúil ar scoileanna teanga seachas Béarla, nó Gaeilge agus Béarla (i nGaelscoileanna), a theagasc. Sin ráite, is féidir, de bharr teanga eile a theagasc, scileanna cumarsáide agus litearthachta páistí a fheabhsú agus iad a spreagadh le bheith ina gcainteoirí muiníneacha agus ina n-éisteoirí airdeallacha. Is féidir go bhforbróidh siad tuiscint ar chultúr fosta, ar ceann de na heochairghnéithe atá mar bhonn faoi chuspóirí Churaclam Thuaisceart Éireann í.
Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin
Caithfidh deiseanna a bheith ag páistí na Scileanna Traschuraclaim (Cumarsáid, Úsáid na Matamaitice agus Úsáid TFC) agus na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta a fhorbairt trí Theanga agus Litearthacht.
Count, Read: Succeed
Straitéis le torthaí sa Litearthacht agus san Uimhearthacht a fheabhsú.
Is féidir tuilleadh sonraí faoin straitéis a fháil ag www.education-ni.gov.uk.
Áiseanna
Déan Teagmháil Linn
Le tuilleadh eolais a fháil ar Teanga agus Litearthacht, déan teagmháil le: