Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint

Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint

Is Réimse Foghlama i gcuraclam na bunscoile Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint (FPC). Dírítear ar fhorbairt mhothúchánach agus shóisialta na bpáistí a chothú, ar mhuinín, neamhspleáchas agus feasacht ar shláinte agus sábháilteacht a spreagadh, agus ar smaointeoireacht agus luachanna morálta na bpáistí a fhorbairt.

Ba chóir do mhúinteoirí páistí a chumasú le heolas, tuiscint agus scileanna a fhorbairt in dhá shnáithe nasctha:

  • Tuiscint Phearsanta agus Sláinte
  • Comhthuiscint sa Phobal Áitiúil agus sa Mhórphobal

Ba chóir do mhúinteoirí foghlaim na bpáistí a nascadh trasna na snáitheanna, agus na heochairghnéithe atá mar bhonn faoi chuspóirí an churaclaim a leabú. Fágfaidh sé sin go mbeidh tuiscint níos fearr ag na páistí ar a n-eispéiris ar scoil agus sa domhan thart orthu, agus go dtuigfidh siad ábharthacht na n-eispéireas sin.

Spreagann FPC páistí le bheith éifeachtach ar bhonn pearsanta, mothúchánach agus sóisialta. Ullmhaíonn sé iad le cur lena bpobal féin agus tionchar dearfach buan a bheith acu air.

Le tuilleadh sonraí a fháil, féach na Riachtanais Reachtúla maidir le Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint sa Bhonnchéim.

Cuireann an Réimse Foghlama seo ar a gcumas do pháistí meas a léiriú ar dhaoine eile agus cosúlachtaí agus éagsúlachtaí sa phobal a fhiosrú. Mar sin de, is dóigh an-éifeachtach é le hOideachas Comhroinnte i gcomhpháirtíochtaí scoile a leabú. Féach Sharing Works: A Policy for Shared Education ón Roinn Oideachais le tuilleadh eolais a fháil.

Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin

Caithfidh deiseanna a bheith ag páistí na Scileanna Traschuraclaim (Cumarsáid, Úsáid na Matamaitice agus Úsáid TFC) agus na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta a fhorbairt trí FPC.

Déan Teagmháil Linn

Le tuilleadh eolais a fháil ar Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint, déan teagmháil le: