Forbairt Fhisiceach agus Gluaiseacht

Forbairt Fhisiceach agus Gluaiseacht

Is Réimse Foghlama sa Bhonnchéim Forbairt Fhisiceach agus Gluaiseacht. Tugtar deis do pháistí taithí a fháil ar réimse bunscileanna gluaiseachta agus iad a fhorbairt. Cuidíonn na scileanna sin le comhordú, gluaiseacht, rialú, cothromaíocht agus láimhsiú a fheabhsú.

Ba chóir do mhúinteoirí páistí a chumasú le heolas, tuiscint agus scileanna a fhorbairt sna gnéithe seo a leanas:

  • Lúthchleasaíocht
  • Damhsa
  • Cluichí
  • Gleacaíocht.

Cuidíonn Forbairt Fhisiceach agus Gluaiseacht le páistí muinín agus féinmheas a fhorbairt. Nuair a ghlacann páistí páirt i ngníomhaíochtaí coirp, tosaíonn siad a chur eolas ar chleachtais shábháilte agus ar an bhaint atá ag gníomhaíocht choirp le dea-shláinte.

Ba chóir deiseanna a bheith ag páistí bheith páirteach i ngníomhaíochtaí coirp ar bhonn laethúil, taobh istigh nó amuigh faoin aer. Gníomhaíochtaí ar nós súgradh fisiceach agus seisiúin phleanáilte rialta Corpoideachais atá i gceist anseo. Molann an Roinn Oideachais  do scoileanna dhá uair an chloig ar a laghad de Chorpoideachas curaclaim a chur ar fáil in aghaidh na seachtaine. I ngníomhaíochtaí pleanáilte, ba chóir deis a bheith ag páistí bheith ag obair ar bhonn aonair, i bpéirí agus i ngrúpaí beaga.

Tagann páistí ar scoil lena gcuid taithí féin ar ghluaiseacht. Ba chóir do mhúinteoirí cuidiú le páistí a gcuid bunscileanna gluaiseachta a fhorbairt. Tá siad seo ríthábhachtach maidir le sláinte fhadtéarmach, folláine agus forbairt fhisiceach.

Le tuilleadh sonraí a fháil, féach na Riachtanais Reachtúla ar Fhorbairt Fhisiceach agus Luaile sa Bhonnchéim.

Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin

Caithfidh deiseanna a bheith ag páistí na Scileanna Traschuraclaim (Cumarsáid, Úsáid na Matamaitice agus Úsáid TFC) agus na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta a fhorbairt trí Fhorbairt Fisiceach agus Gluaiseacht.

Déan Teagmháil Linn

Le tuilleadh eolais a fháil ar Forbairt Fhisiceach agus Gluaiseacht, déan teagmháil le: