Tinneas cinn
Dreach marbh nó mearbhall
Codlatacht nó tuirse
Fonn urlacain
Greannaitheacht nó ag mothú 'mar a bheadh ceo i mo chloigeann'
Deacrachtaí leis an chuimhne
athrú ar bith eile ar an gháthiompar

Thig le comhtholgadh a bheith ann, fiú nuair nach bhfuil cailliúint comhfheasa i gceist; caithfidh tú aird a thabhairt ar gach ceann de na hairíonna seo. Le tuilleadh sonraí a fháil, amharc ar an Eolaí Póca: Comhtholgadh a Aithint.

Bí ar d’airdeall agus bí sábháilte

Léirítear comharthaí agus airíonna an chomhtholgtha díreach nuair a ghortaítear an duine de ghnáth, ach in amanna is féidir go mbeidh moill suas le 48 uair an chloig ar na hairíonna.

Má bhuaileann tú do chloigeann an dara huair agus comhtholgadh ort cheana féin, is féidir go mbeidh sin iontach dáiríre ar fad.

Má shíleann tú go bhfuil comhtholgadh ar dhuine agus má tá tú ar an eolas faoin rud ba chóir a dhéanamh, is féidir go seachnófar gortú tromchúiseach agus go sábhálfaidh tú beatha duine fiú.

Bí ar an eolas faoin rud atá le déanamh agus tabhair aire dá chéile

Más rud é gur bhuail tú do chloigeann nó má shíleann tú go bhfuil comhtholgadh ar dhuine eile:

Stad Abair Bí ionraic

  • Stad den imirt nó cibé rud a bhí ar bun agat.
  • Abair le múinteoir, tuismitheoir, oiliúnóir, réiteoir nó maor láithreach bonn.
  • Bí ionraic faoin dóigh a mothaíonn tú nó faoin rud a chonaic tú.

Má fhágtar duine gan aithne gan urlabhra nó má tá an chuma orthu go bhfuil siad ag dul in olcas, is gá scairt a chur ar otharcharr le cuidiú a fháil go gasta dóibh.

Amharc ar an Eolaí Póca: Comhtholgadh a Aithint le tuilleadh treorach a fháil.

Cuimhnigh go bhfuil do shláinte agus do bheatha níos tábhachtaí ná spórt ar bith ná cluiche ar bith:

  • Má bhuaileann tú do chloigeann roimh an chluiche, caithfidh tú an t-oiliúnóir a chur ar an eolas.
  • Má bhuaileann tú do chloigeann agus tú ag traenáil nó ag imirt, ná tosaigh ag imirt arís go dtí go bhfuil measúnú déanta ag dochtúir ort.
  • Má deirtear leat nár chóir duit a bheith ag imirt nó ag traenáil ar feadh tréimhse áirithe, déan cinnte de go leanann tú na treoracha.