Foghlaimeoidh tú faoin chomhtholgadh ar an tsuíomh seo. Tabharfaidh daltaí faoin quiz lena fháil amach cá mhéad atá ar eolas acu cheana féin, ansin oibreoidh siad trí na ranna ar fad le cur leis an eolas sin. Tá gníomhaíochtaí éagsúla sa roinn Gníomhaíochtaí Daltaí do dhaltaí ó Eochairchéim 1 go dtí Iar-16, gníomhaíochtaí a dhéanfaidh daingniú ar na príomhtheachtaireachtaí agus na príomhchoincheapa faoin chomhtholgadh.
Is maith atá a fhios againn uilig na buntáistí atá ann do pháistí agus do dhaoine óga as a bheith ag dul don aclaíocht agus don spórt. Is láidre na matáin agus na cnámha ag páistí atá gníomhach, agus is lú seans go n-éireoidh siad róthrom nó go dtiocfaidh galair éagsúla orthu agus is fearr a ndearcadh ar an tsaol.
Baineann buntáistí eile le cúrsaí spóirt fosta – cuirfidh páistí leis an chomhordú s’acu, mar shampla, agus leis an tsolúbacht agus an láidreacht; agus bainfidh siad sult as an chomhluadar le linn dóibh a bheith ar fhoireann spóirt agus foghlaimeoidh siad scileanna saoil – a bheith ag obair le chéile mar fhoireann, mar shampla, nó spriocanna a leagan amach nó féinsmacht.
Mar sin féin, tarlaíonn taismí ó am go ham, ar an pháirc imeartha, ar scoil. Tarlaíonn taismí sa bhaile fosta. Sa bheochan mínítear gortú ar a dtugtar comhtholgadh.
Bain triail as an quiz le fáil amach cad é a d’fhoghlaim tú. Roghnaigh freagra don chéad cheist le tús a chur leis.
Tá sé ríthábhachtach, d’imreoirí agus d’oiliúnóirí, comharthaí agus rioscaí an chomtholgtha a bheith ar eolas againn agus lán chomh tábhachtach daoine óga a bhfuil comharthaí an chomhtholgtha orthu a bhaint den láthair imeartha go dtí go mbeidh biseach orthu. Nuair a bhuailtear duine de na himreoirí nó má thaispeánann siad comharthaí an chomhtholgtha bainim den chluiche iad láithreach bonn. Agus mé féin ag imirt, cuireadh cuid mhór greamanna i mo chloigeann agus ní dheachaigh mé ariamh ar ais isteach sa chluiche i ndiaidh dom mo chloigeann a bhualadh. Tá mé ag teacht go hiomlán leis an teachtaireacht 'IN AMHRAS? GLAC SOS!'.
Léiríonn an taithí atá againn go gcaithfidh oiliúnóirí agus múinteoirí imreoir a bhaint den chluiche nó den traenáil má tá seans ar bith ann gur ghortaigh siad a gcloigeann agus go bhfuil comhtholgadh orthu. Sna cluichí Gaelacha tá samplaí iontacha againn d’oiliúnóirí a rinne an cinneadh ceart agus a bhain imreoir den chluiche, cé gur cluiche tábhachtach a bhí ann. Leas an imreora is tábhachtaí agus tá tús áite aige sin ar an toradh i gcónaí.
Aithnítear go soiléir i straitéis Chumann Rugbaí na hÉireann (IRFU) maidir le heolas ar an chomhtholgadh go bhfuil ról ag gach duine. Caithfidh muidne, idir imreoirí, oiliúnóirí, thuismitheoirí agus lucht leanúna, athrú meoin a bheith againn maidir leis an chomhtholgadh. Tá ag éirí leis an straitéis s’againne, agus níos mó daoine ná riamh ag labhairt agus ag smaoineamh faoin chomhtholgadh, agus tá muid sásta a bheith ag obair lenár gcomhghleacaithe in Rugbaí Uladh agus sa Roinn Oideachais ar an mhórcheist seo do gach spórt.
Is féidir go dtiocfaidh comhtholgadh ar dhuine áit ar bith, ó chlós na scoile go páirceanna imeartha. Tá tábhacht mhór ag baint leis na rudaí seo do gach duine: a bheith ábalta comharthaí agus airíonna an chomhtholgtha a aithint, an duine a bhaint den chluiche, an timpiste a chur in iúl do mhúinteoirí, oiliúnóirí nó tuismitheoirí, sos a ghlacadh agus gan dul ar ais chuig an chluiche go dtí go bhfuil cead faighte. Molann Rugbaí Uladh agus Cumann Rugbaí na hÉireann do gach dalta scoile a bheith ar an eolas faoin chomhtholgadh agus sult a bhaint as an spórt, agus mar sin de tá muid thar a bheith sásta tacaíocht a thabhairt don tionscnamh iontach seo, a chuireann comhtholgadh chun tosaigh in oideachas ár bpáistí.
Má ghortaítear páiste ar an chloigeann agus má léiríonn siad comharthaí an chomhtholgtha, ba chóir iad a bhaint den pháirc agus iad a thabhairt chuig altra nó dochtúir le haghaidh measúnú. Tá sé tábhachtach rioscaí an chomhtholgtha a bheith ar eolas ag páistí, ag a dtuismitheoirí, ag a n-oiliúnóirí agus ag daoine fásta eile atá freagrach astu. Ba mhaith linn uilig go mbeadh slí mhaireachtála shláintiúil ghnóthach ag páistí agus tá sé chomh tábhachtach céanna go ndéanann muid gach beart is gá lena gcoinneáil sábháilte. An teachtaireacht atá ann: comhtholgadh a aithint, imreoirí a bhaint den pháirc agus measúnú leighis a dhéanamh orthu - agus má tá tú in amhras, glac sos.