Léirítear thíos an tiomantas atá ag CCEA maidir le sonraí pearsanta a chosaint.
Míníonn an Polasaí Príobháideachais seo cad é a tharlaíonn do shonraí pearsanta ar bith a chuireann tú ar fáil dúinn nó a bhailíonn muid uait nuair a thugann tú cuairt ar an tsuíomh gréasáin seo.
Is é is fianán ann faisnéis a stóráiltear i gcomhad beag ar an ríomhaire nó ar an ghléas atá in úsáid agat. Coinneofar slán faisnéis ar bith a chuireann tú ar fáil agus tá dualgas dlíthiúil ar CCEA, de réir an Achta um Chosaint Sonraí, faisnéis ar bith a bhailítear uait a chosaint.
Is féidir go ndéanfaidh muid na sonraí seo a leanas a bhaineann leat a bhailiú agus a phróiseáil agus an suíomh seo á reáchtáil agus á chothabháil againn:
Is féidir go mbainfidh muid úsáid as fianáin le faisnéis a bhailiú faoin úsáid ghinearálta a bhaineann tú as an tsuíomh. Thig leat níos mó a léamh anseo faoi cad is fianáin ann, an dóigh a mbaineann muid úsáid astu agus an dóigh a dtig leat fianáin a bhainistiú ar do ríomhaire.
Nuair a sheoltar chuig an tsuíomh gréasáin Colm Cille thú ó shuíomhanna eile, is féidir go bhfaighidh CCEA faisnéis phearsanta a bhaineann leat ó na suíomhanna sin. Ba chóir duit polasaithe príobháideachais na suíomhanna sin a léamh mar rialóidh sin an úsáid a bhainfear as faisnéis phearsanta ar bith a thabharfaidh tú agus a chuirfear ar fáil ina dhiaidh sin do CCEA.
Ní chuirfear faisnéis phearsanta ar bith a thugann tú do CCEA ar aghaidh chuig suíomh ar bith eile. Ach tá naisc ar an tsuíomh gréasáin Colm Cille a thugann rogha duit dul chuig suíomhanna eile agus caithfidh tú cuimhneamh nach mbaineann an Polasaí Príobháideachais seo ach leis an tsuíomh gréasáin Colm Cille. Ba chóir duit ráiteas príobháideachais suíomhanna eile a léamh chomh maith.
Is féidir go mbainfidh CCEA úsáid as do chuid faisnéise pearsanta:
Gabh i teagmháil linn am ar bith faoi aon cheist a bhaineann leis an Pholasaí Príobháideachais seo.