Ba ghnách leis na manaigh sútha talún, sútha craobh, sméara dubha, spíonáin, airní agus plumaí a bhailiú sa samhradh. Bhí siad seo uilig ag fás san fhiántas.
Chaith na manaigh Éireannacha léine fhada gheal agus róba olla ar tugadh casula nó cuculla air.
Ar dtús, ní dhearna ach ceannairí na mainistreacha troscadh, ach i ndiaidh tamaill thosaigh an pobal iomlán ar an troscadh.
Ba í muiceoil an fheoil ab fhearr de réir na seanscéalta – muiceoil úr a thabharfaí d'aíonna is dócha.
Bheadh cuid mhaith obair thalmhaíochta le déanamh thart faoin mhainistir. Bhain cuid mhór den obair leis an talamh a shaothrú le barra a fhás.
Rinneadh na leathanaigh sna lámhscríbhinní as craiceann ainmhí, craiceann lao de ghnáth. Úsáideadh craiceann fia, gabhair, agus uain fosta.
Rinneadh lámhscríbhinní sna príomhmhainistreacha uilig; Darú, Ceanannas, Oileán Í agus Lindisfarne. Na misinéirí taistil is mó a bhain úsáid astu.
Tá Crosóg Bhríde ar na samplaí is simplí agus is suntasaí den cheardaíocht Cheilteach. Is as luachra a dhéantar na Crosóga.
Bhí ardmheas i gcónaí ar an léann i saol na nGael. Chothaigh na manaigh cultúr úrnua léinn.
Ní raibh an saol sna mainistreacha eile chomh dian céanna leis an saol i Mainistir Éanna ar Árainn, mar shampla.
Bhí cruth simplí go maith ar na mainistreacha in Éirinn sa séú agus sa seachtú haois. Bhí clós ciorclach ann a raibh díog thart air.
Áis Eochairchéim 2 a chuirfidh ar chumas na ndaltaí a gcuid íomhánna agus beochaintí féin a chruthú agus a chuirfidh beocht in ealaín na gCeilteach.
Amharc ar an prezi idirghníomhach go bhfaighfidh tú amach faoin tsaol agus faoin léann sa mhainistir
Áis Eochairchéim 2 ina bhfuil an Quiz Mór.
Amharc ar an prezi idirghníomhach go bhfaighfidh tú amach faoin tsaol a bhí acu sa mhainistir