Intreoir – Beatha agus Oidhreacht

Is é Colm Cille a bhunaigh an mhainistir cháiliúil ar Oileán Í na hAlban.

Bhí borradh faoin chruthaitheacht agus faoin cheardaíocht ón 6ú go dtí an 8ú haois mar gheall ar mhainistreacha Cholm Cille. Is leis an tréimhse seo a bhaineann saothair iontacha ealaíne ar nós Leabhar Cheanannais agus Shoiscéil Lindisfarne.

Breith Cholm Cille

Tháinig Colm Cille ar an saol timpeall na bliana AD 521 i nGartán, áit álainn in Iarthuaisceart Dhún na nGall. Is anseo a chaith sé a óige.

Oidhreacht Cholm Cille

'Columba' atá ar Cholm Cille sa Laidin. Ciallaíonn a ainm 'colm', cineál éin, sa dá theanga. Ciallaíonn Colm Cille colm na heaglaise i nGaeilge.

Bunú Dhoire

Ní dócha gur bhunaigh Colm Cille mainistir i nDoire sular imigh sé chuig Oileán Í. Is é is dóichí gur bhunaigh sé fo-mhainistir ann agus é ar ais ar cuairt i nDoire.

Na Trí Eaglais

Tá Ardeaglais Naomh Colm Cille, Eaglais Cholm Cille, an Túr Fada, agus Séipéal Cúnta Naomh Agaistín uilig suite ar lonnaíocht sheanda mhainistir Dhoire, nó cóngarach di.

Comhdháil Dhroim Ceat

Dar leis na hannála, bhí comhdháil chlúiteach Dhroim Ceat ann sa bhliain AD 575, ach tugann taighde an lae inniu le fios gur tharla sí timpeall na bliana AD 590.

Deoraíocht

De réir dealraimh bhí sé páirteach i gCath Chúl Dreimne, agus mar gheall air sin, d’imigh sé leis ar deoraíocht go hOileán Í.

Oileán Í, Ceanannas agus Doire

Bhunaigh Colm Cille a mhainistir ar Oileán Í sa bhliain AD 563. Thóg manaigh Oileán Í mainistir nua ag Ceanannas, Contae na Mí, sa bhliain AD 807 ach bhog siad an cheanncheathrú go Doire in AD 1150.

File

Deirtear gurb eisean a rinne an lámhscríbhinn Éireannach is sine atá go fóil ar an saol, cóip de na sailm darb ainm An Cathach.