• Na Lámhscríbhinní

    Sa seomra seo beidh tú ábalta fáil amach faoi na lámhscríbhinní maisithe agus samplaí de leathanaigh ó na seanleabhair urnaithe a fheiceáil.

  • An Taisce

    Tá bailiúchán beag taiscí a bhaineann le Colm Cille nó leis na mainistreacha le fáil in iarsmalanna agus leabharlanna éagsúla in Éirinn, sa Bhreatain agus thar lear. Ba leis an chónaidhm a bhunaigh sé féin sa dara leath den 6ú haois na taiscí seo.

  • Na Crosa Arda

    Tá 13 chros sa seomra seo ó áiteanna éagsúla in Éirinn agus in Albain, atá le chéile den chéad uair sa spás fíorúil seo.

 

Obair ar na Mallaibh

Comhdháil Dhroim Ceat

Bhí Colm Cille ar Oileán Í le 30 bliain faoin am seo. Diomaite de chorrchuairt isteach i gceantar na gCruithneach, chaith Colm Cille a chuid ama ag guí agus ag troscadh agus ag gabháil don rud ab ansa leis ar fad, is é sin a bheith ag cóipeáil lámhscríbhinní.

Bunú Dhoire

Bhí a fhios ag Colm Cille go díreach cá háit a raibh a thriall. D'fhág sé a mhúinteoir spioradálta Moibhí i nGlas Naíon agus bhí sé ag siúl anois go haigeanta ag tarraingt ar Thír Chonaill.

Colm Cille agus Scéal Ollphéist Loch Nis

Ní raibh Colm Cille sásta leis an saol cráifeach a bhí aige ar Oileán Í. Scairt sé ar na manaigh chúnta ó Éirinn, ruaig sé ón oileán dornán draoithe a bhí ag cur isteach air agus bhunaigh sé mainistir. Ach bhí sé dubh dóite. Bhí aidhm éigin de dhíth air ina shaol.

Colm Cille agus an Fear Bocht

Bhunaigh Colm Cille eaglais i nDoire. Ní raibh i nDoire ag an am seo ach áit a raibh crainn darach ag fás ann. Bhí clú air i bhfad agus i gcéin mar fhear cráifeach agus tháinig daoine as gach cearn den cheantar ar cuairt chuige ag dúil le réiteach a fháil ar fhadhbanna.