Tá d’acmhainn ag Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide trasna an churaclaim eispéiris agus timpeallachtaí foghlama daltaí a chlaochlú agus a shaibhriú. Tig léi daltaí a chumhachtú, féinmheas a fhorbairt agus dearcadh dearfach ar an fhoghlaim a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, tá d’acmhainn ag úsáid chruthaitheach an TFC scileanna smaointeoireachta daltaí a fheabhsú, trí dheiseanna a thabhairt dóibh foghlaimeoirí neamhspleácha, féintiománta agus solúbtha a dhéanamh díobh féin.
Ba chóir do dhaltaí scileanna Úsáid TFC a fhorbairt trí dhul i gceann taighde lánbhrí agus gníomhaíochtaí a bhfuil cuspóir leo i gcomhthéacsanna ábhartha. Ba chóir dóibh TFC a úsáid le heolas a láimhseáil agus a chur in iúl, fadhbanna a réiteach, ceisteanna a chur agus dul sa seans. Ba chóir dóibh a gcuid smaointe a phróiseáil, a chur i láthair agus a mhalartú agus torthaí cruthaitheacha a léiríonn feasacht ar lucht léite/éisteachta agus cuspóir a dhéanamh dá gcuid smaointeoireachta. Ba choir dóibh fosta TFC a úsáid le comhoibriú le daoine eile laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, lena gcuid oibre a roinnt agus a mhalartú agus a gcuid foghlama a chur ar taispeáint.
Trasna an churaclaim, ag leibhéal a fhóireann dá gcumas, ba chóir do dhaltaí a gcuid scileanna TFC a fhorbairt, ag úsáid idir Ghaeilge agus Bhéarla, le bheith ag:
Fiosrú
I gcomhthéacs a gcumais sa tumtheanga, ba chóir daltaí a chumasú chun:
- sonraí agus eolas a rochtain agus a bhainistiú
- eolas a roghnú, a phróiseáil, a léirthuiscint agus taighde a dhéanamh air
- fiosrú, tuar agus fadhbanna a réiteach trí idirghníomhú le huirlisí digiteacha; agus
- tuiscint a fháil ar fhanacht sábháilte agus ar iompar ar líne inghlactha a léiriú.
Cur in iúl
I gcomhthéacs a gcumais sa tumtheanga, ba chóir daltaí a chumasú chun:
- eolas agus smaointe a chruthú, a fhorbairt, a chur i láthair agus a fhoilsiú, ag úsáid réimse meán digiteach; agus
- táirgí eolais agus ilmheáin a chruthú, ag úsáid réimse acmhainní.
Malartú
I gcomhthéacs a gcumais sa tumtheanga, ba chóir daltaí a chumasú chun:
- cumarsáid a dhéanamh, ag úsáid réimse de mhodhanna agus d’uirlisí comhaimseartha; agus
- smaointe a roinnt, comhoibriú orthu, iad a mhalartú agus a fhorbairt go digiteach.
Luacháil
I gcomhthéacs a gcumais sa tumtheanga, ba chóir daltaí a chumasú chun:
- labhairt faoi obair, í a athbhreithniú agus a fheabhsú, ag machnamh siar ar an phróiseas agus ar an toradh; agus
- na foinsí agus na hacmhainní a úsáideadh a mheas.
Taispeáint
I gcomhthéacs a gcumais sa tumtheanga, ba chóir daltaí a chumasú chun:
- a gcuid oibre a stóráladh a bhainistiú agus a chur i láthair; agus
- a gcuid foghlama trasna an churaclaim a chur ar taispeáint.